Ó gharáistí trína chéile go tithe snasta – Is Mise le Mess ar ais ar TG4

Láithreoirí Is Mise le Mess – Derena Uí Dhochartaigh agus Síle Ní Duibheannaigh i mBéal Feirste

Tá Ronin Films i mbun ullmhúcháin do shraith nua den chlár móréilimh Is Mise le Mess ar TG4. Sa chlár seo, téann scothfhoireann ghlantóireachta as Gaeltacht Thír Chonaill ar fud na tíre ag glanadh tithe agus ag cabhrú le daoine a spásanna a chur in eagar.

Tá an comhlacht ag lorg rannpháirtithe nua ó gach cearn d’Éirinn, agus cuirtear fáilte roimh iarratais ó gach saghas cúlra, ó mhic léinn go daoine níos sine, agus ó dhaoine aonair go teaghlaigh mhóra. Táthar ag lorg daoine nach bhfuil an t-am, an fuinneamh nó an neart acu a dtithe a choimeád néata i gcónaí. Glactar freisin le hiarratais a chuirtear isteach thar ceann daoine eile a bhféadfadh cabhair a bheith ag teastáil uathu.

Tá spiorad an chláir spraíúil agus éadrom, ach tá sé mar aidhm aige chomh maith cabhrú leis na rannpháirtithe agus leis an lucht féachana tuiscint a fháil nach gá go mbeadh glanadh deacair má dhéantar é de réir céimeanna, agus uaireanta nach bhfuil de dhíth ach cuideachta mhaith. Cé gur garáistí nó áiléir trína chéile a bhí le sárú ag cuid de na rannpháirtithe i sraith a haon, léiríodh go bhfuil na láithreoirí réidh le dul i ngleic le dúshlán ar bith, fiú francaigh mar pheataí tí!

Déantar an clár i nGaeilge agus dá bhrí sin tá cainteoirí líofa nó láidre Gaeilge á lorg do shraith nua an chláir.

Is iad an bheirt deirfiúracha Coleen Nic Aodha agus Derena Uí Dhochartaigh, in éineacht lena gcara Síle Ní Dhuibheannaigh, na láithreoirí a bheidh i gceannas ar an nglanadh agus ar an spraoi arís i mbliana.Is féidir le daoine ar spéis leo páirt a ghlacadh san fheachtas glantacháin seo iarratas a sheoladh chuig info@roninfilms.tv.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.