Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Cormac70 / Flickr
Agus an nuacht lán de scéalta faoi dhrochghníomhartha réaltaí spóirt, caithfear smaoineamh faoi na réaltaí spóirt eiseamláireacha, leithéid Katie Taylor.
Rugadh Katie Taylor ar an 2 Iúil 1986 i mBré, Contae Chill Mhantáin. Thosaigh sí ag dórnálaíocht nuair a bhí sí 12 bhliain d’aois. Bhuaigh sí a céad bhonn, bonn óir, i gcomórtas amaitéireach Eorpach san Iorua in 2006. Níorbh í an dórnálaíocht an t-aon spórt a thaitin léi. D’imir sí camógaíocht agus peil Ghaelach le Emmet Bhré, agus ghlac sí páirt i luthchleasaíocht chomh maith. D’fhreastail sí ar Scoil Naomh Cillian i mBré agus tar éis na hArdteiste chuaigh sí go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ach bheartaigh sí gan a céim a bhaint amach agus d’fhág sí an ollscoil chun dórnálaíocht a dhéanamh go lánaimseartha.
Tá clú agus cáil ar Katie de bharr an bhoinn óir a bhuaigh sí sna Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012. B’éacht suntasach é sin mar ba é seo an chéad uair a bhí dórnálaíocht na mban sna na cluichí. Bhuaigh sí i gcoinne Sofya Ochigava ón Rúis sa troid cheannais. Mar sin ba í an chéad churadh éadrom i ndornálaíocht na mban sna Cluichí Oilimpeacha. Ar fhilleadh go hÉirinn di bhailigh na céadta daoine ag Aerfort Bhaile Átha Cliath chun í a fheiceáil.
Throid sí a céad troid phroifisiúnta in Wembley i Londain i mí Lúnasa 2016 i gcoinne Karina Kopinska agus bhuaigh sí le buille scoir sa tríú babhta. Bhí gairm phroifisúnta ráthúil aici le taifead 25 in aghaidh 1, sé bhua le buille scoir. Bhí dianiomaíocht aici le Amanda Serrano. Chosain sí a crios i gcoinne Serrano i dtroid cheannlíne i Madison Square Garden, Nua-Eabhrac, an chéad troid cheannlíne i ndornálaíocht na mban sa staidiam sin, agus dúradh ag an am gurbh í sin an troid ban is tabháchtaí riamh. Throid sí arís i gcoinne Serrano in Madison Square Garden agus d’éirigh léi a crios a chosaint.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cár rugadh Katie Taylor?
- Cad iad na spóirt eile a thaitin léi?
- Cén scoil ar fhreastail sí uirthi?
- Cén fáth nár chríochnaigh sí a céim ollscoile?
- Scríobh dhá phíosa eolais faoi Taylor ag na Cluichí Oilimpeacha in 2012.
- Scríobh dhá phíosa eolais faoina gairm phroifisiúnta.