Cóilín Duffy
Beidh na hip hapairí ó Bhéal Feirste, Kneecap, ar cheann de na príomhtharraingtí ag an bPicnic Leictreach i mbliana, agus tá siad fós ag mealladh aird mhór i bhfianaise na conspóide timpeall orthu le gairid. Ach de réir Melvin Benn, stiúrthóir na féile, níl aon amhras ann ach go mbeidh fáilte ollmhór rompu i gCo. Laoise.
“Ní dhearna siad tada mícheart in Glastonbury. Is buachaillí den scoth iad, tá amhráin thar a bheith tábhachtach acu, agus tá siad ar fheabhas beo. Ach tá teachtaireachtaí an-tábhachtach acu chomh maith. Ní dhearna siad tada mícheart in Glastonbury agus níl sé cruthaithe go ndearna siad rud ar bith mícheart in aon áit eile ar domhan,” a dúirt Benn, ag seasamh go láidir leis an triúr.
Mhínigh sé gur léiriú soiléir é a gcur ar chlár na Picnic Leictrí. “Tá siad ina gcríoch féin anseo. Beidh siad suaimhneach agus beidh an slua an-bhuíoch díobh.”
