Tá áis nua caitheamh aimsire oscailte go hoifigiúil i gConamara, agus meastar go mbeidh sí ina mealladh mó do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon. Le hoscailt chéim a haon de Thionscadal Bonneagar Caitheamh Aimsire Lasmuigh Sheana Mhach, tá infheistíocht €500,000 curtha ar fáil tríd an Scéim ORIS, agus tugann sí deis do dhaoine siúl, rothaíocht agus taitneamh a bhaint as radharcanna nádúrtha dochreidte i gcroílár na Gaeltachta.
Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, an oscailt oifigiúil. Ag caint ag an ócáid, chuir sé béim ar thábhacht na forbartha seo. “Sampla maith é an togra seo de thiomantas ár rialtais tacú le pobail tuaithe agus Ghaeltachta trí bhonneagar praiticiúil a fhreastalaíonn ar mhuintir na háite agus a mheallfaidh cuairteoirí freisin chun blas a fháil ar áilleacht nádúrtha Chonamara,” a dúirt sé.
Thug sé le fios freisin go léiríonn na cosáin ilúsáide nua an chaoi ar féidir le hinfheistíocht stuama saol daoine a fheabhsú, forbairt inbhuanaithe a spreagadh agus an comhshaol a chosaint i gceantair Ghaeltachta.