De Sathairn an 9 Lunasa
Maidin chaife don Phalaistín
Halla paróiste na Sollán, Co. Cill Dara
10 am go 12 meán lae
Beidh caife nó cupán tae, cístí, ceol agus fiú cluichí do pháistí ann.
Arna eagrú ag Cill Dara le Gaeilge i gcomhar le Glór na nGael
De Domhnaigh an 10 Lunasa
Féile Lúnasa, lá spraoi do theaghlaigh le Cleamairí Feirste
Beidh ealaíona agus ceardaíocht, péinteáil aghaidheanna, ceol beo, agus bia ann fosta. Bí linn ó 3 go 6 pm. Saorchead Isteach
Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach
Rasaí na gCurach, an Fód Dobh
Ó 1 pm
Rasaí curach traidisiúnta
Triúr fear
Triúr ban
Fir agus mná measctha
Triúr sóisir
Curacha rasaíochta
Triúr fear
Triúr ban
Fir agus mná measctha
Triúr sóisir
Ceol i mBeá Úna ag 5.30 pm
Bronnadh duaiseanna agus ceol i dTeach John Joe ag 9.30 pm le hÉamonn Wilson
De Luain an 11 Lunasa
Tráth na gceisteanna ar son na Palaistíne
Tigh Chiaráin, V95 V96W, ag 8 pm
Ceathrar ag gach bord. €40 an bhoird
Eagraithe ag An Clár as Gaeilge le tacaíocht ó Ghlór na nGael.
De Máirt an 12 Lunasa
Léacht chuimhneacháin Dhonncha Mhic Niallais
12.30 pm i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire
Tabharfaidh an Feirsteach Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ómós do Dhonncha Mac Niallais agus an obair a rinne seisean i gcur chun cinn na Gaeilge i nDoire ar feadh blianta fada. Tabharfaidh Ciarán cuntas chomh maith ar na dúshláin reatha atá roimh Chonradh na Gaeilge agus mórphobal na Gaeilge in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas, agus é ag tógáil ar an oidhreacht láidir atá fágtha ag Donncha agus ag gníomhaithe eile.
Imeacht Gaeilge le corás aistriúcháin comhuaineach i mBéarla.
Tae agus caife ar fáil. Saorchead isteach.
Ticéid ar EventBrite
Déardaoin an 14 Lunasa
Eoghan Ó Ceannabháin agus Piaras Ó Lorcáin
9 pm, doirse oscailte ag 8.30 pm, i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire
Is as Crois Mhic Lionnáin i gContae Ard Mhacha é Piaras Ó Lorcáin. Ta sé ag amhránaíocht ó thoisigh sé a chaint, a bheag nó a mhór, ach thoisigh sé a cheol amhrán i gcomórtais in aois a ocht mbliana. Is aoibhinn le Paras stór amhrán a cheantair dúchais, Ard Mhacha Theas, a choinneáil beo. Meascann sé amhránaíocht i nglór domhain gan tionlacan le seinm an ghiotáir agus an bhasúcaí, agus tá cuireadh faighte aige cheana féin a bheith mar chuid den chlár aitheanta Other Voices in 2024, agus cheol sé sa Cheoláras Náisiúnta leis an chomharghrúpa Bláth na hÓige.
Is amhránaí, scríbhneoir amhrán agus seinnteoir iluirlisí é Eoghan Ó Ceannabháin atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a bhfuil a fhréamhacha ceoil i dtraidisiún shean-nós Chonamara. Is oirfideach ildánach é, ag tarraingt ar theicnící gutha éagsúla mar phortaireacht agus amhránaíocht sceadamáin, seinm an chonsairtín a análaíonn lena amhránaíocht, agus stíl phortaireachta fliúite a mheascann uilig le chéile le fuaimdhreach fréamhaithe fairsing a chruthú.
Ticeid £10 agus £12 ó EventBrite
Daonscoil na Mumhan Teo.
Cuireann Daonscoil na Mumhan fáilte fhiail, fhlaithiúil Dhéiseach roimh phobal na Gaeilge a bheith leo Déardaoin an 14 Lúnasa i nGaeltacht na nDéise chun blas a fháil dén Daonscoil. I rith an lae beidh ranganna agus imeachtaí de gach saghas ann, idir fhilíocht, amhránaíocht, Gaeilge, cluichí, ciorcal comhrá, siulóid treoraithe agus léacht an-suimiúil ar logainmneacha. Bíonn an-chraic agus spraoi ann i gcónaí!
Costas €50 an duine don lá le caife agus dinnéar 3 chúrsa san áireamh. Airgead tirim amháin. Gach eolas ó Áine Uí Cheallaigh (086) 3924256. Tapaigh an deis agus cuir glaoch!
Féile Dhoire sa Chultúrlann
An 8 Lúnasa ag 1 pm
Fréamh an Uile Oilc: Coimisiún na Teorann leis an Dr Cormac Moore
An 9 Lúnasa ag 11 am
Ceardlann Tatreez le Wafa’a Abusharekh
An 11 Lúnasa ag 7 pm
Peter Taylor i gcomhrá le Raymond McCartney
An 12 Lúnasa ag 12.30 pm
Donncha Mac Niallais – Léacht Chuimhneacháin
An 14 Lúnasa ag 8.30 pm
Piaras Ó Lorcáin agus Eoghan Ó Ceannabháin
An 15 Lúnasa ag 1 pm
Todhchaí na hÉireann: Vótáil Teorann 2030
An 15 Lúnasa ag 7 pm
Síocháin ar Siúl: 2005-2010 le Brian Rowan