Féile Dhorn san Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí

Beidh Féile Dhorn san Aer ar siúl i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall don dara bliain i ndiaidh a chéile, ón 26 go dtí an 28 Meán Fómhair, i gcuimhne ar Rónán Mac Aodha Bhuí, a d’éag ar an 19 Meán Fómhair, 2023 agus gan é ach 53 bliain d’aois.

Ba léiriú ar an mheas atá ar Rónán an rath as cuimse a bhí ar an chéad fhéile a reáchtáladh anuraidh, le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol, ar dhearcadh agus ar oidhreacht Rónáin.

Craoltóir iontach ábalta a bhí i Rónán, duine Gaelach, a mheall an óige go háirithe, agus daoine de gach aicme agus cine, i dtreo na Gaeilge lena dhearcadh dílis ionraic agus a phearsantacht rógánta ghealgháireach! Chuaigh dílseacht oscailte Rónáin don chosmhuintir agus don ghnáthphobal i bhfeidhm ar go leor. Labhair sé amach os ard in éadan na héagóra agus an chos ar bolg atá ag tarlú, ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain.

Dorn san Aer do na Gaeil an rosc agus an mana cáiliúil a chum Rónán agus ar thit pobal na Gaeilge i ngrá leis. Cuireadh atá sa mhana sin ar an phobal uilig tacú le healaín, ceol, cultúr agus pobal na Gaeilge ar a ndóigh uathúil féin.

Ba é mian Rónáin é pobal Gaeilge a chruthú, a chothú agus a bhuanú. Thug sé spás cruthaitheach d’ealaíontóirí úra Gaelacha lena Chabaret Craiceáilte achan mhí i nGaoth Dobhair agus in ionaid eile, ócáid a mheall na mílte le flosc, le fuinneamh agus le fáilte ó chroí.

Arís i mbliana, le leanstan leis an obair fhiúntach a rinne Rónán, beidh féile trí lá Dorn san Aer ar siúl i nGaoth Dobhair ó Dé Aoine an 26 go dtí Dé Domhnaigh 28 Meán Fómhair 2025.

Beidh ar a laghad 20 banna ceoil ar ardáin éagsúla, meascán craiceáilte ilghnéitheach de ghrúpaí agus d’imeachtaí. Le linn an deireadh seachtaine beidh rac, hip-hop, traid-leictreach, ceol Gaelach, ska, reggae, chomh maith le cainteanna spreagúla, lá teaghlaigh, comórtas Cath na mBannaí, RACADAMH agus go leor eile ar siúl.

Díreach mar a ghoilleann an cinedhíothú sa Phalaistín ar an domhan uilig, phléigh Rónán ceist na tíre sin go mion minic ar a chlár raidió agus ar ardáin eile. I mbliana is í Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn, an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid, a osclóidh Dorn san Aer go hoifigiúil oíche Dé Aoine in Amharclann Ghaoth Dobhair. Ina dhiaidh sin, pléifidh roinnt aoichainteoirí ceist na Palaistíne ón ardán.

Ar ais arís ar ardán Dorn san Aer i mbliana, beidh Bréag, an sárghrúpa reggae Feirsteach, a bhí i gcónaí ina gcrann taca dílis ag Rónán agus ag an Chabaret Chraiceáilte. Beidh Grooveline linn, lena snagcheol funcaí agus bladhmannach agus an grúpa Huartan as Béal Feirste, a chuireann brí agus fuinneamh úrnua i seanfhoinn agus i seanfhocail.

Beidh an ceardaí uirlise ildánach agus an t-amhránaí, Macdara Ó Faoláin as na Déise i bPort Láirge, inár láthair lena cheol nuálach, suimiúil. Beidh Ceann Gólaim, clann cheolmhar Shonaí Choilm Learaí Uí Conghaile as Ceantar na nOileán i gConamara, linn chomh maith.

Beidh rac-cheol againn le Dysania as Muineachán agus ceol ailtéarnach ó Ramper as na Dúnaibh i gCo. Dhún na nGall.

Beidh plúrscoth na gceoltóirí traidisiúnta againn, an feirmeoir binnbhéalach, Piaras Ó Lorcáin as Co. Ard Mhacha, an Crann Óg as Gaoth Dobhair, chomh maith le Seisiúin Chúl an Tí agus Ceol ar an Loch ar an bhád An Gráinne Rose ina mbeidh aíonna speisialta ag ceol.

In Ionad Cois Locha Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair beidh lá teaghlaigh ag toiseacht ag 12 meán lae agus saorchead ag páistí úsáid a bhaint as áiseanna súgartha an ionaid i gcomhar le Muintearas. Beidh imeachtaí éagsúla do pháistí ann chomh maith, ar nós Preab sa Cheol, seó do pháistí óga, Karaoke na Gaeilge agus Ceardlann Teicneolaíochta le hAndy Caomhánach. 

I mbliana arís beidh Cór Dhorn san Aer á chur le chéile ag Doiminic Mac Giolla Bhríde, ceardlann damhsa le Caitlín Joe Jeaic agus fógrófar tuilleadh imeachtaí amach anseo.

Beidh comórtas Cath na mBannaí, i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, lárnach san fhéile arís i mbliana agus cuireadh á thabhairt againn do bhannaí úra cur isteach ar an chomórtas a bhfuil príomhdhuais €2000 leis. Is deis iontach é do bhannaí úra cur lena gcáil agus a gceol a bheith craobhscaoilte ar RnaG.

Leanfar i mbliana le fís eile a bhí ag Rónán, an Racadamh, acadamh don cheol nua-aimseartha ina mbeidh máistir-ranganna le haíonna speisialta, ceardlanna do cheoltóirí agus meantóireacht do dhaoine atá ag dul i mbun na ceirde.

Le clabhsúr ceoil a chur ar an fhéile, ceolfar agus ólfar Súp an Domhnaigh i dteach tábhairne Hiúdaí Bhig, áit a dtabharfar cuireadh do gach duine a n-amhrán féin a rá, le cuidiú, más gá, ón bhailiúchán Abair Amhrán, agus ina dhiaidh beidh seisiúin cheoil agus damhsa le ceoltóirí Thoraigh.

Tionólfar na ceolchoirmeacha agus na himeachtaí in ionaid éagsúla ar fud pharóiste Ghaoth Dobhair In Ionad Cois Locha faoi bhun na hEaragaile beidh ceithre stáitse: an Príomhstáitse, Stáitse Chúl an Tí, Stáitse Chath na mBannaí agus Stáitse Ghéill Slí. Beidh ceolchoirmeacha in Amharclann Ghaoth Dobhair i lár na paróiste agus beidh imeachtaí i dTeach Hiúdaí Beag, croílár spioradálta an Chabaret Chraiceáilte.

Tá Féile Dhorn san Aer  buíoch as an urraíocht ó Údarás na Gaeltachta,  Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Roinn na Gaeltachta.

Ticéid ar fáil ó DornSanAer.ie.

Is iad praghsanna na dticéad ná €30 ar thicéad lae, €70 ar thicéad deireadh seachtaine agus €100 ar thicéad teaghlaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.