
Deireadh seachtaine seo shaoire bhainc Lúnasa beidh an t-eachtránaí sléibhe ó Chontae na Mí, Dann Cooney, ar a dtugtar @discovering_dann ar Instagram, ag tabhairt faoin dúshlán is déine riamh dó, is é sin Corrán Tuathail i gCiarraí a dhreapadh cúig iarraidh déag as a chéile, gan chodladh gan stad, chun airgead ríthábhachtach a bhailiú ar son madraí tarrthála.
Má éiríonn leis is ionann a iarracht agus airde Shliabh Everest a dhreapadh, 8,848 méadar dian crua. Chun an t-éacht a chur i gcrích beidh Dann ag dul suas Dréimire an Diabhail agus síos an Fiarlán arís agus arís eile ar an sliabh is airde in Éirinn, ag brú colainne agus intinne go teorainn a n-acmhainne
Níl Dann gan taithí ar an dianseasmhacht. I mí Eanáir dhreap sé Corrán Tuathail le plúchadh sneachta, le doras adhmaid 15 kg ceangailte dá dhroim, chun feasacht a ardú ar mheabhairshláinte agus chun airgead a thiomsú ar son leas ainmhithe.
“Tháinig an dúshlán sin ó thráth níos dorcha i mo shaol féin. Ní raibh caoi mhaith orm, ach bhí a fhios agam go bhféadfainn rud éigin a dhéanamh chun cabhrú le daoine eile, go háirithe madraí tarrthála, a raibh áit i mo chroí acu riamh,” a dúirt sé le An Páipéar.
Spreagadh síoraí dó is ea a ghrá do mhadraí. Má fheiceann sé ainmhithe tréigthe, nó drochíde tugtha dóibh, bristear a chroí, a deir sé. “Táim ag iarraidh difríocht a dhéanamh.” Tá breis agus €20,000 bailithe aige go dtí seo trína dhúshláin, agus sprioc fhadtéarmach aige €100,000 a bhaint amach.
Is sléibhteoir é Dann a bhfuil taithí fhada aige. Áirítear leis an taithí sin samhradh iontach nuair a rinne sé na 275 dreapadh go léir ar liosta Vandeleur-Lynam, na mullaigh go léir in Éirinn os cionn 600 méadar, taobh istigh de 47 lá go díreach. Anois tá 360 mullach sroichte aige in iarracht na 532 sliabh ar fad in Éirinn a dhreapadh.
Ach fiú agus na héachtaí seo curtha i gcrích, is eol dó gurb é an deireadh seachtaine seo an teist is mó a bheidh aige go dtí seo. “Beidh sé seo ar an rud is crua a bheidh déanta agam riamh, go fisiciúil agus go meabhrach. Gan chodladh, díreach dreapadh gan stad. Beidh mé ag dul chuig áiteanna i m’intinn nach mé iontu riamh cheana.”
Go dtí seo, tá beagnach €9000 bailithe aige dá sprioc €15,000 don dúshlán seo, agus tá sé ag impí ar an bpobal tacú leis. Is féidir síntiúis a thabhairt ar GoFundMe.
“Ní bhaineann sé le cáil. Baineann sé le difear a dhéanamh, céim ar chéim.”