Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go ngearrfar taraifí sa bhreis ar aon tír a dhéanann iarracht na comhlachtaí mórtheicneolaíochta Meiriceánacha a rialú ar aon bhealach, nuair a dúirt sé ar a ardán Truth Social go “seasfar suas i gcoinne tíortha a dhéanann ionsaí ar ár gcomhlachtaí dochreidte mórtheicneolaíochta Meiriceánacha.” Go bunúsach is beart é seo a dhéanann beag is fiú de fhlaitheas tíortha eile sa chaoi go ngearrann tír mhór chumhachtach ar nós na Stát Aontaithe dlí eachtrach ar thír neamhspleách, ar nós Éireann, a bhfuil níos lú cumhachta acu.
Beidh an focal deireannach ag rialtas Trump, ar ndóigh, le breithiúnas a thabhairt an bhfuiltear ag caitheamh go dona leis na comhlachtaí mórtheicneolaíochta seo ó na Stáit Aontaithe.
Cé nár luadh Éire go sonrach i dtaobh an bhirt seo, is léir go bhfuil sé dírithe ar bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus i dteannta an bhirt seo, gearrfar smachtbhannaí ar oifigigh áirithe, rud nach ndéanfar ach go fíorannamh i gcás cogadh trádála den chineál seo.