Feicim go bhfuil na Rúisigh ghránna sin i mbun a ngnó shuaraigh arís, lena gcabhlaigh scátha, na trasfhreagróirí as feidhm agus iad ag seoltóireacht go dána trí uiscí chrios eacnamaíoch na hÉireann.
Sea, rinne Prime Time de chuid RTÉ clár ag léiriú na bagartha don tír seo ó na Rúisigh chéanna.
Bhí fadhb amháin leis na gclár, ámh. Ní bagairt ar bith don tír seo go bhfuil loingeas na Rúise, mar aon le loingeas Mheiriceá, na hEorpa, na Ríochta Aontaithe agus na dtíortha eile ag seoladh trí na huiscí céanna.
Tá ceart againn leas eacnamúil a bhaint as a bhfuil sna farraigí seo, ach níl aon cheart sa dlí idirnáisiúnta cur isteach ar loingeas ar bith ó thír ar bith.
Ní bheadh sé sin ar eolas agat ón gclár seo, a bhí lán le leath-thagairtí agus claontagairtí a thug le fios go raibh rud éigin mícheart, rud éigin amhrasach ar siúl ag na Rúisigh taobh lenár gcósta.
Agus díreach i ndiaidh an chláir tháinig an teachtaireacht nach féidir linn “ár gcuid farraigí”, nach ár gcuid farraigí iad ar aon chuma, a chosaint gan cur go mor le caiteachas ar ‘chosaint’, nó le ceangal níos dlúithe a dhéanamh le ECAT agus leis an ngné mhíleata den Aontas Eorpach.
An iriseoireacht nó bolscaireacht a bhí ar siúl ag RTÉ?
Séard atá sa chabhlach scátha, sa deireadh thiar, ná loingeas a aistríonn ola ón Rúis go dtí a gcustaiméirí ar fud an domhain.
Tá smachtbhannaí i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach in aghaidh na Rúise, ach níl aon rialú dlí ann ó na Náisiúin Aontaithe nó dream idirnáisiúnta den chineál sin maidir leis na smachtbhannaí céanna.
Sé sin le rá, níl an cabhlach scátha seo ag briseadh aon dlí idirnáisiúnta.
Cén fáth mar sin go mbeadh muid buartha faoi?
Is cuid den dearcadh Atlantach gur póilíní an domhain iad agus go gcaithfidh gach éinne géilleadh dóibh an bhuairt bhréagach a chruthaigh RTÉ mar, sa deireadh thiar, mura dteastaíonn uainne ola Rúiseach a cheannach níl éinne á bhrú orainn.
Ach má theastaíonn ó stát ar bith eile é a cheannach níl aon cheart dlí idirnáisiúnta againn cur isteach orthu.
Rud eile atá soiléir, ní bhaineann an cabhlach scátha seo le bagairt ar bith don tír seo agus b’fhaisnéis bhréagach ag RTÉ é a leithéid a thabhairt le fios.
Mo náire iad!