Drogall ar an bhFrainc an Afraic a fhágáil

Cathal Ó Murchú

Tar éis gur theip ar sheirbhísí faisnáise na Fraince coup d’état a chur i bhfeidhm i bPoblacht Mhailí an tseachtain seo caite agus le ceannaire Burkina Faso Ibrahim Traoré a fheallmharú níos luaithe sa bhliain, tá sé soiléir go bhfuil fíordhrogall ar an bhFrainc droim láimhe a thabhairt dá sean-nósanna impiriúlacha i gceantar na Saiheile san Afraic, áit a raibh impireacht leathan ag an bhFrainc sa naoú haois déag agus san fhichiú haois.

Le blianta beaga anuas tá slam ceannairí nua i dtíortha iarchóilíneacha na Saiheil, Burkina Faso, Mailí, an Nígir is eile. Tá siad tar éis caidreamh nuachóilíneach na Fraince a chaitheamh uathu agus droim láimhe a thabhairt do na seanchleachtaí dúshaothraithe ón bhFrainc go háirithe agus ón Iarthar i gcoitinne.  Bhí an chuid is mó de thuaisceart, iarthar agus lár na hAfraice faoina réim ar feadh céad bliain go dtí na 1960í nuair a bhain tíortha nua ansin flaitheas agus neamhspleáchas foirmeálta amach – foirmeálta sa chaoi gur athraigh an caidreamh acusan leis na Francaigh ón gcóilíneachas go dtí an nuachóilíneachas.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.