Léiríonn ceann de na féilte cultúrtha is mó san Eoraip, Féile Idircheilteach an Oriant (Festival Etrekeltiak an Oriant), go bhfuil fás agus borradh i gcultúr Ceilteach na Briotáine i dtaobh an cheoil, an rince, na héide náisiúnta, an bhia, na dí agus roinnt nósanna traidisiúnta a bhaineann leis an náisiún sin. Meastar go bhfreastalaíonn beagnach milliún duine ar an bhféile seo a mhaireann ar feadh deich la ón gcéad Aoine go dtí an dara Domhnach de mhí Lúnasa gach bliain. Tá féilte den chineál seo an-choitianta sa Bhriotáin agus i ngach cearn den chríoch bíonn fest noz nó céilí oíche ar siúl go rialta ina nglacann an pobal páirt go forleathan.
Ar ndóigh ní ghlacann stát na Fraince leis gur náisiún ar leith iad na Briotánaigh in ainneoin na ngnéithe cultúrtha a chomhlíonann siad. Tá tuiscint ar leith ag na Francaigh, tuiscint impiriúlach dar lena lán, ar cad is náisiún ann, agus baineann sé sin go mór le cumhacht an stáit, críoch aitheanta na Fraince, forlámhas na teanga Fraincise i mbeagán focal. Dar leo, is réigiún ar leith seachas náisiún ar leith í an Bhriotáin atá mar bhunchuid de chríoch na Fraince féin. Glacann an Fhrainc le réigiúnachas agus nósanna réigiúnacha a fhad is go dtuigtear nach féidir scarúint ón stát agus go nglactar le forlámhas na Fraincise.