Trasna

1.  Iompar mí chuí i dtaobh duine eile (10)
5. Baile an-mhór (7)
9. Duine ón tír ina ndéantar seacláid agus cloig (11)
10. Tá sé ceart go leor, níl _ _ _ _ _ _ air (6)
12. Ceantar mór siamsaíochta i Londain (4)
13. Áit a mbíodh na ba á mbleán sa samhradh (6)
14. Gach aon (5)
16. Rud seargtha (7)
20. Ainm branda ar uachtar glantach ilfheidhme a úsáidtear sa chistin, etc. ((3)
21. Cloch (3)
22. Uirlis a úsáidtear chun saighead a scaoileadh (5).
23. Fuílleach nó farasbarr (ginideach) (8)
24. Fuaimintiúil, tábhachtach, luachmhar, úsáideach (11)
26. Tréith ar leith nó cúntas scríofa (5)
29. Fadhb shláinte nuair atá easpa coirpíní dearga san fhuil (9)
32. Cinn tíre nó reanna coillteacha (4)
33. Áiteanna in aibhneacha ina mbionn an t-uisce ag titim (7)
34. Fuair an t-ainmhí seo a ainm mar ceapadh go raibh sé cosúil le fia gearr (7)
36. Rud cruinn (5)
37. Bean (2)
38. Leochaileacht (éasca a bhriseadh) (10)
39. D’iarr Salome ceann an fhir bhoicht seo _ _ _ _ Baiste (4)

Síos

2. Náire (3)
3. Gráscar (4)
4. Mar gheall ar (2 agus 3)
6. Taibhse a fheictear in áras an cheoldráma (6)
7. Príomhchathair eaglasta na hÉireann (3 agus 6)
8. Bhí na soilse chomh geal gur _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ siad mo shúile (10)
9. Áit inar féidir leat alcól a cheannach ach gan cead agat é a ól inti (12)
11. Tá Meathas Troim suite sa chontae seo: An _ _ _ _ _ _ _ _ (8)
15. Tuisle (8)
17. Spadhar (5)
18. Nuair nach bhfuil tú sásta maithiúnas a thabhairt bíonn tú mar seo (12)
19. Drochmheasúil (12)
25. Dual as cuimse (ginideach) (7)
27. Duine nó rud míshlachtmhar (8)
28. Tír bheag oileánach ar Mhurascaill na Peirse (7)
30. Saoráideach (6).
31. As + mé (4)
35. Éire go deo: Éire _ _ _ (3)

Freagraí ar Crosfhocal #43

TRASNA: 1. Fruiligh 4. Pianpháis 7. Baicle 10. Úspaireacht 12. Inléite 13. Agair 14. Cogain 16. Taibhse 20. Háítí 23. Nuachtánaí 25. Aragail 26. Ascain 27. Trácht 30, Sa 31 Iochta 34. Imeall 35. Iomair 36. Fearg 37. Griothal 
SÍOS: 1. Feanntach 2. Urrúnta 3. Greim 4. Punanna 5. Asbhaint 6. Imeartas 8. At 9. Círéib 11. Páircíneach 14. Cosamar 15. Gabhálas 17. An Anatóil 18. hAnnaidh 19. Eagán 21. Íosagán 22. Támhnéal 24. Rathúil 28. Tairg 29. Laige 30. Slat 32. Cneá 33. Mac
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.