Ár leithscéal bhí greimlín ann in eagrán 40 agus níorbh hionann na leideanna agus an ghreille ag dul leis! Tá muid á chur sin i gceart leis an crosfhocal #40 ceart i gcló anseo.

Trasna
2. An tuiseal d’ainmfhocal a úsáidtear i ndiadh réamhfhocal simplí (11)
8. Ag dul san aird chéanna (8)
11. Clamhsán (6)
12. Déantóir Iodálach carranna spóirt sóúla (11)
13. Áisíneacht bhrathadóireacht na Stát Aontaithe (3)
14. Ball i lár d’aghaidh (4)
15. Cloch luachmhar
16. Ainm cailín (5)
17. Ceantar Gaeltachta i gConamara (5)
18. An riail órga: an t-_ _ _ -riail (3)
19. Pic nó roisín (2)
20. Srl sa Laidin (3)
22. Seanduine seargtha (11)
24. Duine ón Danmhairg (5)
26. Daoine atá ag déanamh rud nua den chéad uair (11)
29. Tarraing anuas (6)
30. Clocha beaga mine (ginideach) (4)
32. Láidir (5)
34. Creach (4)
35. Aithin (9)
36. Duine a chuireann eagla ar dhaoine eile (7)
37. Deoch alcóil déanta as úlla (8)
Síos
1. Salachar a fhágáil ar rud (8)
2. Ag déanamh do bhealach trastíre le compás agus leárscáil (13)
3. A chara dhílis: a chara na n-_ _ istigh (2)
4. Goile (4)
5. Díoltasach (9)
6. Galar inchinne nuair a thagann freangaí ar chorp an duine (8)
7. Uirlis a sholáthraíonn aer fuar laistigh d’fhoirgneamh nó carr (14)
8. Duine a bhíonn ag faire gan fhios ag daoine eile (13)
9. An duine is sine a shínigh forógra 1916 (5, 1 agus 8)
10. Fear draíochta (7)
16. Duine gan aon fhiacla ina bhéal (5)
19. Talamh bán nó gan chur (6)
21. Duine míshlachtmhar (5)
23. Ar + muid (6)
25. Tá 12 lá san fhéile seo (7)
27. Otair – níos _ _ _ _ (4)
28. Easpa: in _ _ _ _ _ _ ruda (6)
30. Faobhrach (4)
31. Rialaitheoirí i bPeiriú roimh na Spáininigh (ainm Béarla) (4)
32. Os cionn (4)
33. Iall, tabharthach, tá sé ar _ _ _ _ aici (4)
34. Scoilt i do ghruaig (3)
Freagraí ar Crosfhocal #40
TRASNA: 2. Tabharthach 8. Comhthreo 11. Tormas 12. Lamborghini 13. CIA 14. Srón 15 Ópal 16. Ciara 17. Carna 18. Sár 19. Bí 20. Etc 22. Críontachán 24. Danar 26. Tosaitheoirí 29. Ísligh 30. Grin 32. Tréan 34. Brad 35. Céannaigh 36. Bagróir 37. Ceirtlis
SÍOS: 1. Smálaigh 2. Treodóireacht 3. Ae 4. Bolg 5. Aiciseach 6. Titimeas 7. Aerchóiritheoir 8. Culchoimeádaí 9. Tomás Ó Cléirigh 10. Asarlaí 16. Cabaí 19. Branar 21. Stothaire 23. Orainn 25. Nollaig 27. Otra 28. Íonais 30. Géar 31. Inca 32. Thar 33. Éill 34. Bob