Craolfar Fleadh25 ar fud an domhain ar TG4, beo as Loch Garman, ceithre lá agus oíche de cheol, amhránaíocht agus damhsa nár cheart a chailleadh 

  • TG4 in Éirinn
  • TG4.ie ar fud an domhain
  • Beo ó Déardaoin an 7 go dtí Dé Domhnaigh an 10 Lúnasa  9.30 go 11.30pm  

Comórtais a bheidh beo ar líne, na comórtais ar TG4.ie 

#Fleadh25 | @TG4TV | @TradTG4

Beidh TG4 ina chomhpháirtí oifigiúil meán arís i mbliana le Fleadh Cheoil na hÉireann, 2025, ina gcuirfear ceithre oíche dhodhearmadta de cheol, cultúr agus comórtais ar fáil do dhaoine gach áit. 

Ó Déardaoin an 7 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh an 10 Lúnasa craolfar clúdach beo fairsing ar TG4 ar an teilifís, ar líne ar TG4.ie agus ar na hardáin shóisialta @TG4TV and @TradTG4 chun an lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain a nascadh le croílár na Fleidhe i mbliana. 

Gach oíche ag 9:30 pm beidh plúr na gceoltóirí agus amhránaithe as Éirinn, taibheoirí idirnáisiúnta agus léirithe ó bhuaiteoirí is déanaí na gcomórtas á gcraoladh beo ar na ceithre stáitse don lucht féachana ar fud an domhain. Beidh 92 taibheoir as Éirinn agus ar fud an domhain le feiceáil mar chuid den chraoladh teilifíse, lena n-áirítear taibheoirí as Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, Ceanada, Dubai, an Iodáil, Albain, an Úcráin agus go leor áiteanna eile.

Is iad Peadar Ó Goill, Doireann Ní Ghlacáin & Aoife Ní Thuairisg láithreoirí Fleadh25.  Beidh daoine ar fud an domhain ábalta teacht ar an gclár freisin mar beidh sé ag sruthú go domhanda ar www.TG4.ie

Idir chomórtais bheo, stáitsí bríomhara agus seónna teaghlaigh Cúla4, tiocfaidh an Fhleadh chun beatha don lucht féachana ar fad ar fud na n-ardán éagsúil.

Scoth na gceoltóirí ar stáitse thar cheithre oíche ag an bhFleadh

Buaicphointí Déardaoin an 7 Lúnasa

  • Seán Keane – Kíla le Prás – Paddy Keenan – Dermot Byrne – Séamus & Caoimhe Ní Fhlatharta – Tim Edey – Léda – Matt Cunningham Band – The Byrne Brothers … agus neart eile. 

Buaicphointí Dé hAoine an 8 Lúnasa

  • Iarla Ó Lionáird – The Rising – The Kabin Crew – Beartla Ó Flatharta Céilí Band – Megan Nic Fhionnghaile & Marty Barry – Cry Before Dawn – The Pride Céilí Band … agus neart eile.  

Buaicphointí Dé Sathairn an 9 Lúnasa

  • Maighread & Tríona Ní Dhomhnaill – JigJam – Rum Ragged – Alannah Thornburgh – Gearóid McCarthy – Damien Mullane Band – Yershovy Sisters – Sult … agus neart eile.  

Dé Domhnaigh an 10 Lúnasa – An Finale Mór

  • Altan – Máirtín O’Connor Band – Caoimhín Ó Raghallaigh & Mick O’Brien – The Rowsome Quartet – Cailíní Lua – Mike Hanrahan … agus neart eile. 

Is féidir ticéid do na ceolchoirmeacha beo a fháil ar Eventbrite:  

Déardaoin an 7  Lúnasa  – https://www.eventbrite.ie/e/1527231593809?aff=oddtdtcreator 

Dé hAoine an 8 Lúnasa – https://www.eventbrite.ie/e/1530327212889?aff=oddtdtcreator  

Dé Sathairn an 9  Lúnasa – https://www.eventbrite.ie/e/1530341535729?aff=oddtdtcreator 

Dé Domhnaigh an 10 Lúnasa – https://www.eventbrite.ie/e/1530343882749?aff=oddtdtcreator 

“De bharr go mbeidh clúdach ag TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2025 ar fud ardáin uile TG4 agus na Fleidhe Ceoil, beidh sé níos éasca ná riamh ag an lucht spéise gach rud a tharlóidh beo ag Fleadh Cheoil na hÉireann le linn na gceithre lá agus oíche a fheiceáil. Beidh craoladh ó na ceithre stáitse ar TG4 gach oíche ag 9.30 pm, déanfar beoshruthú ar na comórtais, taispeánfar buaicphointí ceoil i rith an lae ar chainéil na meán sóisialta, agus beidh foireann Cúla4 ag imeacht ar na sráideanna chun spraoi agus taibhithe an lucht féachana faoi 12 ón bhFleadh a léiriú don lucht féachana atá anseo anois agus a bheidh ann amach anseo. Tá TG4 agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann thar a bheith bródúil as an gcomhoibriú atá cothaithe againn lena chinntiú go bhfaigheann gach duine, i ngach áit, blaiseadh de chéad fhéile chultúir na hÉireann’ – Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4.

“Agus muid ag féachaint chun cinn anois ar Fhleadh 2025 a bheidh ar siúl i Loch Garman, tá an chomhpháirtíocht atá againn le TG4 ríthábhachtach chun ardán a thabhairt do thraidisiúin shaibhre chultúir na hÉireann. Tríd na cláir fhuinniúla tharraingteacha a chraoltar faoin gcomhpháirtíocht seo, ní hamháin go bhfuiltear ag cur traidisiúin chultúir na tíre seo ar fáil do chách, ach táthar ag cinntiú go mbeidh na traidisiúin sin ina gcuid bhríomhar fheiceálach den tsochaí. Léiríonn an lucht spéise fairsing a tharraingíonn cláir Fleadh TV caighdeán na léiriúchán sin agus an tóir leanúnach atá ag daoine ar fud an domhain ar chultúr na hÉireann.” – Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Labhrás Ó Murchú.  

Na comórtais

Comórtais a bheidh beo Ar Líne – TG4.ie

Daoibhse a bhíonn ag leanúint chomórtais na Fleidhe, beidh TG4 agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag sruthú na bpríomhchomórtas ar Sheinnteoir TG4 agus ar FleadhCheoil.ie, á gcur i láthair ag Freda Nic Giolla Chatháin. 

Dé hAoine an 8 Lúnasa  

  • 2 pm – Consairtín  [12–15 bl.] 
  • 5 pm – Ceol Triúir [Os cionn 18 mbliana] 

Dé Sathairn an 9 Lúnasa  

  • 11 am – Tionlacan  [15–18 mbliana] 
  • 3 pm – Fidil  [15–18 mbliana] 

Dé Domhnaigh an 10 Lúnasa  

  • 6pm – Craobhchomórtas Sinsir na mBannaí Céilí

Cuirfidh Cúla4 leis an gcraic i Loch Garman

Beidh cainéal tiomnaithe do leanaí, Cúla4, agus an láithreoir Niamh Ní Chróinín ar shráideanna Loch Garman le stáitse soghluaiste Dé hAoine agus Dé Sathairn an 8 agus an 9 Lúnasa, agus táthar ag tabhairt cuireadh do dhaoine óga a gcuid cleas a léiriú idir phoirt, amhráin agus damhsa ar an sean-nós. Roinnfear míreanna ar chainéil meán sóisialta Cúla4 Instagram & Facebook @Cula4_tg4 & @Cúla4 

TG4 ag cur leis an rath mór a bhí ar chlúdach na bliana seo caite  

Breathnaigh ar Fhleadh24 ó anuraidh: https://nasc.tg4.tv/Fleadh-24 

In 2024 tharraing clúdach TG4 ar an bhFleadh breis is 500,000 duine de lucht féachana ar an teilifís agus ba é clár oíche Déardaoin an clár ba mhó lucht féachana riamh ag TG4 den Fhleadh. Ar líne, féachadh 6.5 milliún uair ar fhíseáin a bhain le clúdach TG4 ar an bhFleadh, rinneadh 28.5 milliún imprisean #Fleadh24, agus scaip mír d’Eoin Creevy i mbun portaireachta go tréan go raibh 2.6 milliún amharc aici ar TikTok.  

Is mar thoradh ar uaillmhian leanúnach TG4 tallann nua a aimsiú agus a chur os comhair an phobail ar cuireadh Leo Earley in aithne don lucht féachana ar an teilifís agus ar na cainéil meán sóisialta. Tá páirt faighte anois ag Leo i sraith Harry Potter atá á léiriú ag HBO agus leanfaidh ár gcuid léiritheoirí teilifíse agus ár gcuid foirne meán sóisialta ar an láthair de shúil ghéar a choinneáil ar chúrsaí féachaint leis an gcéad tallann mór nua eile a aimsiú. 

Na Foirne atá i mbun oibre chun an Fhleadh a chur ar fáil do chách   

Tá níos mó ná craoladh i gceist le Fleadh25, atá á léiriú ag Power Pictures. Is ceiliúradh bríomhar beo é ar oidhreacht cheoil shaibhir na tíre seo a chuirtear ar fáil mar thoradh ar chomhpháirtíochtaí cruthaitheacha agus comhoibríocha. 

Beidh Lorg Media ar an láthair ag an bhFleadh chun ábhar a thaifeadadh do chainéil meán sóisialta TG4, agus is é Telegael a bheidh i mbun an léirithe ar bheoshruthú na gcomórtas ar fud an domhain.  

Tá mórtas ar TG4 agus RTÉ a bheith ina gcomhpháirtithe oifigiúla meán ar Fhleadh Cheoil na hÉireann, chun spiorad agus fuaim na Fleidhe a chur os comhair an phobail ar fud an domhain i gcomhpháirtíocht le Comhaltas.   

Ba mhaith le TG4 gach rath a ghuí ar an bhfoireann den scoth atá i mbun oibre ar  Fhleadh Cheoil na hÉireann 2025 i Loch Garman.   

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.