Jenna Goulding

Bhí Kneecap sceidealaithe le seinm ag Féile Sziget i mBúdaipeist ar an 11 Lúnasa, ach chuir rialtas na hUngáire cosc ar an ngrúpa rapcheoil dul isteach sa tír ar feadh tréimhse trí bliana.

Thug lucht eagraithe na féile le fios gur dhiúltaigh siad an cuireadh a thug siad do Kneecap a tharraingt siar. I ráiteas a d’uaslódáil siad ar Instagram, dúirt lucht eagraithe Sziget go bhfuil eagla orthu go bhféadfadh cinneadh an rialtais Kneecap a thoirmeasc ní hamháin dochar a dhéanamh do chlú Sziget, ach tionchar diúltach a imirt ar sheasamh na hUngáire ar fud an domhain freisin.

Scríobh urlabhraí Rialtais na hUngáire, Zoltan Kovacs, ar an ardán meán sóisialta X gur cinneadh Kneecap a thoirmisc mar gheall go raibh “baill an ghrúpa ag gabháil arís agus arís eile d’urlabhra fhuatha frith-Sheimíteach a thacaíonn le sceimhlitheoireacht agus le grúpaí sceimhlitheoireachta”. Mhaígh Kovacs “go gcuirfí slándáil náisiúnta na tíre i mbaol mór” dá dtabharfaí cead isteach do Kneecap.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.