An Phalaistín, an Úcráin agus an dá Bhalla Bheirlín nua
A Eagarthóir, a chara,
Bíodh deireadh leis an gheamaireacht faoin Úcráin idir Trump agus Putin agus deireadh fosta leis an tslad agus ár de shíor ar siúl in Gaza agus ar an Bhruach Thiar.
Tóg macasamhail Bhalla Bheirlín idir an Úcráin agus an Rúis. Déan an rud céanna idir an Phalaistín agus Iosrael.
Níl na Stáit Aontaithe, Israel ná an Rúis ag éisteacht le hagóidí ná le taidhleoireacht.
Cuir saighdiúirí ar dualgas ag cosaint na mballaí seo le cuidiú na teicneolaíchta nua-aimsireatha a mbaineann na Iosraelaigh agus Meiriceánaigh úsáid aisti le cinedhíothú a dhéanamh ar mhná agus páistí neamhurchóideacha.
Thiocfadh leis an eagraíocht sin na Náisiúin Aontaithe, mar dhea, na saighdiúirí a chur ar fáil nó a earcú.
Brúigh an socrú seo ar Iosrael agus ar an Rúis le bagairtí smachtbannaí a chur i bhfeidhm nó, mura mbíonn siad sásta, ionsaigh an dá tír.
Bheadh sé i bhfad níos fearr saighdiúirí na Naisiún Aontaithe, mar dhea, Israelaigh agus Rúisigh ag fáil bháis ná mná, páistí agus fir na Palaistíne.
Lig do chomhaontú na ndaoine toilteanacha a bheith chun tosaigh sa tionscnamh aontaithe seo, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc etc.
Idir an dá linn cuir Trump, Putin agus Netanyahu sa tseomra chéanna gan bia a thabhairt dóibh ar feadh cúpla seachtain leis an chac a bhualadh as a chéile ar son bullóg aráin.
Ar scor ar bith, ar aghaidh chun bua ar son mhuintir na Palaistíne. Hamas agus Hezbollah Abú!
Is mise le dóchas,
Dónall Mór Mac Billings
Mac na reablóide teanga agus polaitíochta
Iarchime poblachtach sa Ghaeltacht/Jailteach,
i bPríosún Phort Laoise agus sa Cheis Fhada (1972-76) cás 8, Bloc E, Éire.