Cóilín Duffy
Tá an stáitse réidh le haghaidh cath an-spéisiúil idir Ard-Mhacha agus Laois i gcluiche ceannais sóisir Chraobh Glen Dimplex na hÉireann sa chamógaíocht Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh ag 1 pm, agus an dá chontae ag súil lena bhfeachtais in 2025 a chríochnú go paiteanta le corn.
Tá Ard Mhacha ar ais ar thailte a bhfuil taithí acu orthu. Seo an cúigiú huair dóibh icluiche ceannais sóisir uile-Éireann le deich mbliana anuas. Bhuaigh siad an chraobh in 2020 agus chaill siad de bhearna chaol in 2016, 2021, agus 2022. Is go crua a shaothraítear an leibhéal sin taithí ag an gcéim seo, agus creideann a gcaptaen Ciara Hill go bhfuil a foireann tagtha chun cinn go mór óna mbua deireanach.
“Sílim ó fhoireann 2020 go bhfuil sé an-difriúil anois,” a deir Hill. “Caill muid cúpla duine de na cailíní is sine, ach tá a lán cailíní nua tagtha isteach. Cuireann sé cineál de bheocht sa champa, agus déanann sé gach duine a thástáil, mar sin sílim gur foireann éagsúil ach láidir atá ann.