Ciarraí le tabhairt faoi Uíbh Fhailí i gcluiche ceannais idirmheánach  na hÉireann sa chamógaíocht den chéad uair

Cóilín Duffy

Déanfaidh Ciarraí agus Uíbh Fhailí stair a a scríobh Dé Domhnaigh seo i bPáirc an Chrócaigh agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile den chéad uair riamh i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann sa chamógaíocht. Beidh an dá chontae ag súil le filleadh ar an leibhéal sinsir, le Ciarraí ag iarraidh dul suas ann den chéad uair, agus Uíbh Fhailí ag iarraidh filleadh arís tar éis tréimhse chrua ag barr an chnoic. Is iomaí casadh atá tar éis teacht ar scéal an dá fhoireann le blianta beaga anuas, ach anois tá 60 nóiméad os a gcomhair chun an toradh sin a bhaint amach agus áit a fháil i measc na gcuradh.

Maidir le Patrice Diggin, captaen Chiarraí, ní hamháin go bhfuil gradam náisiúnta i gceist i gcluiche ceannais idirmheánach camógaíochta na hÉireann Dé Domhnaigh, ach deis óir freisin.

Má éiríonn leo Uíbh Fhailí a shárú, bheadh Ciarraí ag druidim le camógaíocht shinsearach sa bhliain 2026, sprioc mhór a deir Diggin atá ag croílár na hoibre le fada.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.