Cáineann an tUachtarán Ó hUigínn an Méadú in ionsaithe ciníocha i gcoinne Indiach

Cathal Ó Murchú

D’eisigh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ráiteas ag cáineadh an mhéadaithe atá tagtha ar ionsaithe ciníocha, go háirithe ar dhaoine de bhunadh na hIndia. Dúirt sé go raibh na hionsaithe ar bhaill den phobal seo “déisteanach” agus “go laghdaíonn sé sinn uile.”  Ag an am céanna chuir Comhairle na hIndia in Éirinn an fhéile Lá na hIndia, a bhí le bheith ar siúl i dTeach Bhán na Feirme i bPáirc an Fhionnuisce, ar ceal mar gheall ar na hionsaithe seo, agus nach mothaíonn baill an phobail seo slán sábháilte ag siúl na sráideanna. Tá ceist na n-ionsaithe seo anois ardaithe go leibhéal taidhleoireachta idirnáisiúnta idir Éire agus an India.

Le coicís anuas táthar at tuairisciú méadú ar ionsaithe ciníocha i gcoitinne agus líon suntasach acu seo dírithe ar dhaoine de bhunadh na hIndia nó fho-ilchríoch na hIndia. Ar na cásanna is measa le déanaí tá ionsaí a rinneadh ar chailín óg sé bliana d’aois.

Rinne scata páistí geala Éireannacha ionsaí fisiciúil uirthi agus thug siad maslaí cainte di dírithe ar a cine. Nuair a thugann páistí faoi ionsaithe den chineál seo, léiríonn sé go bhfuil fuath cinebhunaithe á chothú ag tinteáin na dteaghlach seo sa bhaile agus go dtagann sé anuas ó na tuismitheoirí féin, rud a léiríonn go bhfuil ábhar imní ann don tsochaí i gcoitinne. Rinne scata déagóirí nó fir óga ionsaí ar fear aonarach de bhunadh na hIndia nuair a bhí sé ag siúl abhaile go luath ina dhiaidh sin. Tá pátrún gránna le sonrú sna hionsaithe ciníocha seo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.