Agus daoine ag caint faoi bhéaloideas na mbláthanna fiáine, is minic go samhlaíonn siad bláthanna speisialta nach bhfeictear rómhinic. Bíonn iontas orthu nuair a deirim gur a mhalairt ar fad atá fíor, agus gurb iad na ‘fiailí’, na plandaí coitianta a fheiceann muid gach áit, agus gur minic nach maith le daoine iad a fheiceáil, a bhfuil na scéalta is suimiúla agus is saibhre ag baint leo.
An tráth seo den bhliain tá an fhiaile is mó agus is míchlúití in Éirinn, b’fhéidir, i mbarr a réime. Cad eile, ach an buachalán buí?
Tá an ghráin ag lucht feirmeoireachta na hÉireann ar an bplanda céanna, toisc go bhfuil sé nimhneach do chapaill agus do bha nuair a bhíonn sé tirim. Mar sin, má théann aon chuid den phlanda san fhéar agus é á bhaint, cruthóidh sé fadhbanna móra do na hainmhithe a bheidh á ithe.

Cuid mhór den fhadhb ná go scaipeann an buachalán chomh héasca, agus idir 50,000 agus 200,000 síol á gcur amach ag gach uile phlanda. Is mar gheall air seo gur cuireadh dlí i bhfeidhm in Éirinn in 1936, an tAcht um Fhiaile Dhíobhálach, go gcaithfidh daoine smacht a chur ar an mbuachalán buí má fhásann sé ar a dtalamh.
Is ón dlí seo a thagann roinnt den seanchas nua-aimseartha a bhaineann leis an mbuachalán, toisc go mbíodh sé ina ghnás coitianta faoin tuath páistí a chur amach ag baint na mbuachalán. Ba mhinic go dtugtaí beagán airgid do na páistí as an obair seo agus gurbh é an chéad ‘phost samhraidh’ a bhíodh ag aos óg na hÉireann i go leor áiteanna.
Bhailigh mé roinnt scéalta ó dhaoine freisin, ar chuimhin leo tráth a dtéadh garda timpeall ar mhuin rothair le hiniúchadh a dhéanamh ar an talamh agus a chinntiú go raibh na buachaláin á nglanadh.
Tá an dlí seo fós i bhfeidhm sa lá atá inniu ann, agus is féidir táille suas le €1000 a ghearradh orthu siúd nach gcloínn leis. Bíodh sin mar atá, tá an buachálan buí an-fhairsing fós fud fad na tíre.
Tá seanchas níos sine ag baint leis an mbuachalán dar ndóigh, agus an-chuid de na scéalta ag tagairt don chion a bhí ag na Daoine Maithe, an slua sí, ar an bplanda. Deirtear go mbídís ag marcaíocht orthu mar a bheadh capaill ann, mar shampla. Ach baineann an scéal is aitheanta faoin mbuachalán le firín beag draíochta nach gcloistear mórán faoi anois, an leipreachán.
Sa scéal úd, deirtear go raibh fear ag siúl abhaile ón teach tábhairne tráthnóna amháin, agus go bhfaca sé leipreachán ina shuí ar bhuachalán buí. Thapaigh mo dhuine an deis, rug sé ar an leipreachan ar an bpointe, agus chuir sé iallach air a rá leis cá raibh a phróca óir i bhfolach aige.
Shínigh an leipreachán a mhéar chuig buachalán eile sa ghort agus bhain an fear stoca dearg óna chos leis an mbuachalán a mhairceáil, le go n-aithneodh sé é i measc na gcéadta eile ina thimpeall. Rith sé abhaile le spád a fháil ach nuair a bhain sé an gort amach arís, bhí stoca dearg ar gach aon bhuachalán buí os a chomhair agus níor éirigh leis an próca a aimsiú riamh.
Má tá an buachalán ina fhiaile dhíobhálach is mór an spórt na scéalta a bhaineann leis mar sin féin!
Tá máistreacht ag Aedín Ní Thiarnaigh i mBéaloideas agus Eitneolaíocht na hÉireann ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.