
Tá sé fógartha go hoifigiúil go mbeidh Féile na Meán Ceilteach 2026 ar siúl i mBéal Feirste idir an 2 agus 4 Meitheamh, rud a chuirfidh cathair an oirthuaiscirt i gcroílár an phlé idirnáisiúnta ar chraoltóireacht, scannánaíocht agus scéalta na náisiún Ceilteach. Beidh painéil phlé, máistir-ranganna agus seimineáir ar siúl ar feadh thrí lá, chomh maith leis na duaiseanna cáiliúla, Torc Awards for Excellence. Seo an chéad uair ó 2003 a bheidh an fhéile ar siúl i mBéal Feirste, agus meastar go mbeidh borradh suntasach cultúrtha agus eacnamaíoch mar thoradh uirthi.
Is í seo an 47ú bliain d’Fhéile na Meán Ceilteach, comhdháil thábhachtach a mheallfaidh na hainmneacha is mó i saol na craoltóireachta ó Éirinn, an Bhreatain Bheag, Albain, an Bhriotáin, an Ghailís agus níos faide i gcéin. Bhí ról tábhachtach ag BBC Thuaisceart Éireann, ag Scáileán Thuaisceart Éireann agus ag Visit Belfast ag tabhairt na féile go Béal Feirste, rud a léiríonn muinín i dtodhchaí láidir chruthaitheach na cathrach. Agus má bhí am ar bith ann chun a rá go bhfuil Béal Feirste mar áit le bheith, is é anois é. Leanfaidh an fhéile seo na himeachtaí móra eile atá ag teacht chun na cathrach, lena n-áirítear Oireachtas na Gaeilge i ndeireadh 2025 agus Fleadh Cheoil na hÉireann i Lúnasa 2026.
Ag fógairt an chinnidh, dúirt Catríona Logan, stiúrthóir na féile, “Tá lúcháir orainn Béal Feirste a fhógairt mar óstchathair Fhéile na Meán Ceilteach in 2026. Tugann an fhéile seo ardán ríthábhachtach d’earnáil na meán, ag cur béim ar scéalaíocht nuálach agus ar shárchruthaitheacht ó na náisiún Ceilteach. Tá Béal Feirste, ina bhfuil na meáin faoi bhláth, foirfe mar láthair le lucht ceannaireachta agus tallann nua a thabhairt le chéile.”
Chuir Adam Smyth, Stiúrthóir BBC Thuaisceart Éireann, béim ar thábhacht na hócáide. “Is deis é seo chun tallann chruthaitheach a cheiliúradh agus nascanna a chothú idir daoine san earnáil. Tabharfaidh sé ardán dúinn na rudaí iontacha atá ag tarlú inár gcuid earnála cruthaitheacha áitiúla a chur os comhair an domhain.”
Dúirt Richard Williams, Príomhfheidhmeannach Scáileán Thuaisceart Éireann, gur ócáid dhomhanda í a chuireann guthanna Ceilteacha chun cinn. “Is deis í seo ár n-oidhreacht chultúrtha a cheiliúradh agus cuireadh a thabhairt don domhan teacht ag obair linn agus a bheith ag comhoibriú.”
Dar le Deborah Collins ó Visit Belfast, is deis eisceachtúil í an fhéile don chathair. “Beimid ag cur fáilte roimh htoscairí ó gach cearn den domhan Ceilteach, agus níos faide fós, le haghaidh imeacht spreagúil agus cuimsitheach.”
Meallfaidh an fhéile léiritheoirí, stiúrthóirí, craoltóirí agus iriseoirí ó na cúigí Ceilteacha agus níos faide i gcéin, lena n-áirítear rannpháirtithe ó thíortha chomh fada ó bhaile le Meiriceá, an Nua-Shéalainn agus an tSín. Léiríonn filleadh na féile ar Bhéal Feirste, 23 bliain i ndiaidh di a bheith ansin go deireanach, an áit lárnach atá ag an gcathair i saol na meán comhaimseartha.