An file Caitlín Maude á comóradh le binse leabhair in Ollscoil na Gaillimhe

Fiadh Ní Luain, gariníon an fhile Caitlín Maude, ina suí ar an mbinse, agus ina seasamh (ó chlé): an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, James Harrold, an Dr Jeannine Woods, Caomhán Ó Luain, mac an fhile, an tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Tom Kenny, agus May agus John Caulfield.
Grianghraf: Aengus McMahon

Tá ‘binse leabhair’ nua tiomnaithe ag Ollscoil na Gaillimhe ar a campas in ómós don fhile Gaeilge Caitlín Maude, céimí den Ollscoil.

D’fhreastail mac an fhile nach maireann, Caomhán Ó Luain, agus a iníon Fiadh ar an ócáid tiomnaithe.

Chruthaigh Men’s Shed Cheantar Locha Uí Ghadhra i gContae Mhaigh Eo an binse snáithínghloine, atá i gcruth leabhair oscailte, le tacaíocht ó fhoireann Foirgnimh agus Eastáit na hOllscoile. Tá an dán Gaeilge Na Blátha le Caitlín Maude greanta air, in éineacht le haistriúchán Béarla leis an scríbhneoir iomráiteach Nuala O’Connor.

Tá an binse suite i nGairdín Mháirín de Valéra ar thaobh thuaidh fhoirgneamh na Cearnóige ar champas na hOllscoile, agus tá sé anois mar chuid de Rian Filíochta na Gaillimhe a shíneann trasna na cathrach. Is é seo an ceathrú binse ollscoile ar an rian, taobh leis na dánta le Terry McDonagh, Louis de Paor, agus Micheál D Ó hUigínn.

Dúirt Tom Kenny, comhbhunaitheoir Rian Filíochta na Gaillimhe, “Tá timpeall 30 dán anois ar fud na cathrach mar chuid den Rian Filíochta. Is iontach an rud é dán Chaitlín Maude a fheiceáil ar champas na hOllscoile agus táim cinnte go léifidh na mílte é anseo sna blianta amach romhainn.”

Dúirt an tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Ceannasaí Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe: “Bhí Caitlín Maude fréamhaithe sa traidisiún, ach scríobh sí ina glór féin, spreagtha ag stíleanna liteartha Eorpacha. Pléann sí ceisteanna sóisialta comhaimseartha ina cuid filíochta, ceisteanna a bhfuil tábhacht leo fós do mhic léinn an lae inniu. Thug an bhean láidir seo ón nGaeltacht misneach d’fhilí Gaeilge a tháinig ina diaidh, agus leanann sí uirthi ag spreagadh filí óga inniu.”

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.