An Chambóid agus an Téalainn in adharca a chéile

Cathal Ó Murchú

Le coicís anois tá coimheascar teorann ar siúl idir dhá thír in oirdheisceart na hÁise, an Chambóid agus an Téalainn. Tá sos comhraic tar éis teacht i bhfeidhm gan morán athraithe ar an scéal seachas gur bhásaigh 20 saighdiúr ón dá arm agus thart ar an méid céanna sibhialtach sa dá thír. Chomh maith leis sin tá beagnach 300,000 sibhialtach ón dá thír díláithrithe óna gceantair dhúchais in aice leis an teorainn. Ní hé seo an chéad uair a thug an dá thír seo faoina chéile agus is léir go bhfuil an scéal fós mar ábhar conspóide eatarthu.

Eascraíonn an choimhlint seo as teorainn idir an dá thír nach bhfuil comhaontú ann fós fúithe agus téann sé siar go conradh idir Impireacht na Fraince agus Ríocht Siam (seanainm ar an Téalainn) sa bhliain 1904. Bhí an Fhrainc tar éis a gcóilíneacht, an Ind-Sín, a bhunú agus bhí siad tar éis críocha suntasacha a shlogadh ó Riocht Siam. Is ón gconradh seo a thagann an teorainn idir an Téalainn agus an Chambóid, agus a bhain an Chambóid ar ais a neamhspleáchas flaitheasach, theastaigh ó na Téalannaigh an teorainn “a cheartú”, dar leo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.