Tá an feachtas bailithe airgid atá eagraithe ag Glór na nGael don Chumann an Chorráin Dheirg sa Phalaistín (CCDP) ag dul ó neart go neart le 75% den sprioc bainte amach in imeacht trí seachtaine.
Dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, go bhfuil an méid atá ag tarlú in Gaza agus sa Phalaistín ag cur uafáis ar gach éinne againn. Tá an CCDP ar an talamh ag obair agus ag cabhrú chomh maith agus iis féidir faoi chúinsí uafásacha. Is iarracht é an feachtas seo le hárdán sábháilte cinnte a chur ar fáil do phobal na tíre seo le cabhair phraiticiúil a sheoladh chun na Palaistíne.
“An sprioc atá againn ná €20,000 ar a laghad a sheoladh go dtí an CCDP.” a dúirt Mac Gabhann.
“Tá an tacaíocht dochreidte. Tá daoine aonaracha chomh maith le grúpaí lena mbíonn foireann Ghlór na nGael ag obair leo ar bord agus iad ag eagrú imeachtaí agus ócaidí le hairgead a bhailiú” a dúirt sé.
Anuas ar na himeachtaí agus na síntiúis atá á ndéanamh ar leathanach iDonate Ghlór na nGael is féidir biorán agus greamán speisialta a fháil ach síntiús a dhéanamh ar líne ag www.siopaudar.ie.
Tá breis agus €15,000 bailithe ó seoladh an feachtas mí ó shin, (11/06/25).
Le do chabhair tá Glór na nGael ag súil go sroichfear an sprioc de €20,000 faoi dheireadh Iúil.