Sos Comhraic le teacht in Gaza ach leanfaidh an bás ar aghaidh

Cathal Ó Murchú

Leis an gcuairt stáit atá á tabhairt ag Príomhaire Iosrael Binyamin Netanyahu agus a thoscaireacht ar na Stáit Aontaithe, ar mhaithe le comhghuaillíocht an dá stáit, nó an chumhacht atá ag na hIosraelaigh ar an gcóras polaitíochta i Meiriceá, a léiriú don saol mór, tá ráflaí ann go dteastaíonn ó rialtas an Uachtaráin Donald Trump sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza agus sos sealadach sa chinedhiothú ansin. Tá dochar mór déanta d’íomhá na Stát Aontaithe, mura bhfuil sé scriosta go hiomlán, ar fud an domhain as a dtacaíocht d’Iosrael mar gheall ar ionsaithe brúidiúla na nIosraelach agus ar an gcineál ollchogaidh atá siad á fhearadh ar shibhialtaigh in Gaza.

Tá toscaire de chuid Trump, Steve Witkoff, ag tabhairt faoi idirbheartaíochtaí leis na hIosraelaigh agus leis na ceannairí Palaistíneacha, Hamas go príomha. Tuigtear go bhfuil aontú ann maidir leis na gialla Iosraelacha a scaoileadh saor, ach go dteastaíonn sos comhraic buan uathu seachas an sos ar feadh 60 lá. Tá deacrachtaí ann, mar dhea, leis an amchlár d’arm Iosrael tarraingt amach ó chodanna de Gaza a luaithe is a thosóidh an sos comhraic. Agus tá sé maíte fós ag na hIosraelaigh go bhfuil sé mar aidhm acu scrios iomlán a dhéanamh ar chumas míleata agus polaitiúil Hamas. Tuigeann gach duine gurb ionann sin agus cead a gcinn a bheith ag ha hIosraelaigh chun tabhairt faoina rogha cineál ionsaithe amach anseo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.