San olltoghchán sa Ríocht Aontaithe fuair Páirtí an Lucht Oibre faoi cheannas Keir Starmer 33% den vóta. Ach tá tacaíocht an pháirtí imithe síos go mór ó shin, agus tá tacaíocht 23% acu anois.
Tá tacaíocht caillte de réir mar dhein an páirtí casadh i gcoinne gnáthleas an phobail: deireadh a chur le liúntas breosla mar shampla, ciorraithe ar íocaíochtaí sóisialta do dhaoine faoi mhíchumas, agus tá íomhá anois ag an bpáirtí nach bhfuil iontu ach Tóraithe éadroma.
Ní hiad na Tóraithe, ámh, a fuair an buntáiste as meath Pháirtí an Lucht Oibre, ach Athchóiriú, páirtí Nigel Farage agus páirtí an Bhreatimeachta.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!