“Níl amárach ar bith eile ann, níl ann ach Dé Domhnaigh,” – tugann Ryan McHugh réamhamharc ar dhúshlán deiridh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais na hÉireann

Cóilín Duffy

Agus Dún na nGall ag ullmhú dá gcéad Chluiche Ceannais Uile-Éireann le níos mó ná deich mbliana, is maith atá a fhios Ryan McHugh cad atá i gceist.

Bhí an fear as Cill Charthaigh, a phléasc ar an saol idirchontae i ré Jim McGuinness, ina phríomhphearsa i bhfeachtas Dhún na nGall chomh fada le cluiche ceannais 2014, agus anois, bliain déag ina dhiaidh sin, tá sé ar ais ar an stáitse is mó ar fad. An babhta seo is imreoir a bhfuil seantaithí aige atá ag caint, ag machnamh ar phian san am a chuaigh thart, mórtas san am i láthair, agus dóchas amach anseo a bheidh go léir ag brath ar thráthnóna amháin i bPáirc an Chrócaigh.

“Shíl muid go dtiocfadh na laethanta seo i gcónaí,” a admhaíonn McHugh. “Ach níor tharla sé go díreach. Sin an tuighe a gcaithfidh tú an deis a thapú nuair a thagann sí – níl aon dadaí cinnte sa pheil.”

Bhí séasúr Dhún na nGall in 2024 dian, le cluiche déag taobh istigh de shé sheachtain déag, ach áitíonn McHugh go bhfuil an fhoireann ag baint tairbhe as plean cliste mionsonrach, arna thiomáint ag McGuinness agus foireann tacaíochta den scoth.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.