Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: William Murphy/Flickr/Wikipedia
Tá stair mhuirí shaibhir ag Baile Átha Cliath. Thóg na Lochlannaigh an chathair mar longfortagus bhí longa á dtógáil i longchlós na Life ar feadh na mblianta sular dúnadh é. Is sa longchlós seo a tógadh MV Naomh Éanna. Comisiúnaíodh í sa bhliain 1956 agus seoladh í den chéad uair in 1958 i longchlós na Life. Ba le CIÉ í. Ba long faoi leith í toisc go raibh sí seamaithe, agus bhí sí ar cheann de na longa seamaithe deireanacha a tógadh san Eoraip. Ainmníodh í as Naomh Éanna ó Árainn agus ba é a cúram paisinéirí a thabhairt idir an Gaillimh agus na hOileáin Árann. Thug sí cúnamh tar éis thimpiste Hugo de Groot, eitleán ón Ísiltír a chuaigh go tóin poill amach ó chósta na Gaillimhe. Cailleadh 99 duine a bhí ar bord. Le breis is 30 bliain chuir sí seirbhís ríthábhachtach ar fáil do mhuintir Árann ach cuireadh deireadh lena a cuid seirbhíse in 1986.
Cuireadh í i nduga tirim i nDuga na Canálach Móire i mBaile Átha Cliath in 1989, áit ar fhán sí go 2023. Bhí sí i mbéal an phobail ar feadh i bhfad agus bhí go leor pleananna sna meáin fuithí. I measc na bpleananna bhí sé i gceist go mbeadh sí mar chuid lárnach den Cheathrú Mhuirí mar iarsmalann. Chuaigh sí ar a taobh in 2023 agus ba léir nach raibh mórán ama fágtha aici. Bhí muintir Árann ag iarraidh go dtógfaí chun na n-Oileán Árann í ann ach níor tharla sé seo agus in 2024 bhí ar Uiscebhealaí Éirinn í a bhriseadh suas. Tugadh cloigeann na loinge go Calafort na Gaillimhe mar aitheantas ar sheirbhís MV Naomh Éanna don chontae agus tugadh deireadh na loinge go Cumann Staire na Rinne. Deireadh cabidle a bhí ann do stair mhuirí Bhaile Átha Cliath ach ar a laghad tá comhlong MV Naomh Éanna, MV Cill Airne, fós le feiceáil ar an Life, áit a bhfuil sí ag feidhmniú mar bhialann.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cathain agus cén áit ar coimisiúnaíodh MV Naomh Éanna.
- Cén cúram a bhí uirthí?
- Ainmnigh dhá long eile a rinneadh san áit ar coimisiúnaíodh í.
- Tabhair dhá phíosa eolais faoi dheireadh shaol MV Naomh Éanna.
- Cad a tharla do chloigeann agus do dheireadh na loinge?