Tá na Conallaigh agus na Ciarraígh ag triall ar an ardchathair agus iad réidh le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gCraobh Pheile na hÉireann.
Le ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid mhór seo le dhá chontae Gaeltachta sa chraobh, craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta clár speisialta, Glas agus Buí, beo ó Pipers Corner, i gcroílár Bhaile Átha Cliath óna 7 go dtí a 9pm, curtha i láthair ag an gCiarraíoch, Sláine Ní Chathalláin agus fear Thír Chonaill, Damien Ó Dónaill.
Beidh ceol, craic, spraoi agus spochadh ann, le lucht tacaíochta an dá chontae, iarimreoirí, scoth na gceoltóirí agus aíonna speisialta. Beidh scoth an cheoil ann ó cheoltóirí lena n-áirítear Clann Uí Mhaonaigh agus Cathal Ó Curráin as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Clann Uí Chonchúir as Sliabh Luachra, chomh maith le neart aíonna speisialta eile as Ciarraí agus Dún na nGall.
Beidh dhá thicéad le buachan do Chraobh Pheile na hÉireann ar an oíche. Tá fáilte roimh chách. Bí linn agus caith do dhathanna glasa agus buí!
Dé Domhnaigh 27 Iúil, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag Craobh Pheile na hÉireann le fáisnéis, tuairiscí, torthaí, anailís agus tráchtaireacht bheo ó 1.50 pm.