An tseachtain seo seoladh acmhainn nua ar líne, Fuath Ban, a bhailíonn scéalta faoin ngnéasachas, fuath ban agus bagairtí inscneacha, mar chuid de phlé níos doimhne ar an ghéarchéim fuath ban in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Tá idir mhuinteoirí, tuismitheoirí agus mhná go ginearálta ag tuairisciú le tamall go bhfuil fadhb an fhuath ban agus gnéasachais lom ag dul in olcas. Tá fianaise ann go bhfuil racháirt ar thionchairí meán sóisialta a thógann ardán ar chur chun cinn na bhfear agus cur faoi chois na mban, a thugtar ‘manfluencers’ orthu. Sa bhfíorshaol, tá múinteoirí ag tabhairt faoi deara go bhfuil dímheas in aghaidh scoláirí eile agus banmhúinteoirí ag ardú, agus tuismitheoirí ag streachailt le dul i ngleic leis na fadhbanna a thugann an teicneolaíocht.
Cothaíonn an cultúr fuath ban agus gnéasachais sin sochaí ina mbíonn foréigean in éadan mná níos coitianta. Tá an ráta banmharaithe ag méadú in Éirinn, mar atá timpeall an domhain le cúig bliana déag anuas (Women’s Aid).
Tá an fóram nua Gaeilge bunaithe ar an togra a thosaigh Laura Bates, ‘Everyday Sexism’, agus is é sprioc an fhóraim ná scéalta agus fianaise a bhailiú a bheas mar chuid de shraith nua podchraolta agus raidió do Raidió na Gaeltachta agus ardáin eile, agus do chlár faisnéise uair a chloig do TG4.
Fiosróidh an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin an t-ábhar ar an phodchraoladh agus an clár teilifíse, agus clúdóidh sí ceisteanna ar nós comhthéacs sóisialta agus stairiúil an fhuath ban in Éirinn, ó dheas agus ó thuaidh; foréigean in aghaidh mná agus cailíní, gnéasachas sa spórt, cultúr, ealaíona, cúrsaí polaitíochta, cúrsaí fostaíochta, ciníochas agus gnéasachas in éadan daoine trasinscneacha, agus déanfar plé ar an eispéireas inscneach ar líne.
Deir Órfhlaith Ní Chearnaigh, stiúrthóir Fuath Ban:
“Is bagairt é a fuath ban a mbíonn taithí ag chor a bheith gach bean air, agus fadhb atá ag fás fiú agus muid ag baint amach cearta nua. Níl aon áit don fhuath i sochaí ár linne, agus tá súil agam leis an togra seo go gcuirfidh muid le comhrá tábhachtach a dtiocfadh athrú suntasach as.”
Is féidir scéalta a roinnt anseo gan ainm. Is féidir do chéad ainm a thabhairt más mian leat. Ní fhoilseofar aon eolas aitheantais ar líne nó má roghnófaí le plé ar an phodchraoladh nó clár faisnéise.
Thig le daoine scéalta a roinnt i nGaeilge nó i mBéarla. Tá fáilte roimh scéalta ó dhaoine trasinscneacha. Tá fáilte roimh scéalta ó fhir ar a dtaithí nó tuiscint ar an fhuath ban, freisin.
Foilseofar na scéalta a bhailítear ag https://www.instagram.com/fuathban/ , ar Twitter ag @FuathBan, agus ar Facebook ag Fuath Ban.
Tá foireann bhaineann ann a dhéanfaidh scéalta a roghnú a spreagfaidh plé le haíonna agus rannpháirtithe ar an chlár faisnéise agus ar an phodchraoladh.
Nasc leis an fhoirm anseo: https://forms.gle/AKUf24CdRbCsBYCS7
Is féidir dul i dteagmháil leis an fhoireann ag fuathbanscealta@gmail.com