
Grianghraf: Peter Gorman. Ceadúnas Creative Commons
Ceann de na radharcanna is deise agus is mó a théann go croí ionam an tráth seo den bhliain ná an fraoch a fheiceáil ar na portaigh, ar na sléibhte, agus ar roinnt de na creaga anseo in Inis Meáin. Is aoibhinn liom a bheith ag breathnú ar dhath corcra na mbláthanna agus a bheith ag éisteacht le crónán na mbeach, iad ag obair go dian i measc na bplandaí.
Deirtear sa bhéaloideas go mbíonn ór faoin aiteann, airgead faoi na luachra agus gorta faoin bhfraoch, rud a thugann le fios dúinn gur samhlaíodh talamh bocht leis an áit a mbíodh fraoch ag fás ann. Más bocht an talamh a bhíonn faoin bplanda áfach, is saibhir ar fad an seanchas ina thaobh, agus bhíodh an-chuid úsáidí éagsúla ag baint leis.
Bhaintí an-leas go deo as an bhfraoch go traidisiúnta aon áit a mbíodh sé ag fás go tréan ann. D’úsáidtí é go mion minic chun scuaba a dhéanamh mar shampla, trí chúpla dornán fraoigh a cheangail le bun maide. Bhíodh an-tóir ar an ‘scuaibín fraoigh’ anseo in Inis Meáin freisin, a choinnítí ar leac na tine chun an luaith a ghlanadh ó leac an tinteáin.
Úsáid chliste eile a bhaintí as an bhfraoch in Inis Meáin, agus a bhíonn á cleachtadh fós ag roinnt de na feirmeoirí anseo, ná go gceanglaítear beart beag fraoigh le bun rópa agus is é sin a úsáidtear chun sprae gorm a chaitheamh ar na fataí chun an dúchan a chosc. Bíonn an sprae réitithe i mbuicéad de shaghas éigin, cuirtear an beart beag fraoigh síos ann, tógtar amach arís é leis an meascán a chreathadh ar bharr na bhfataí mar a shamhlófá sagart ag scaipeadh uisce beannaithe ag an Aifreann.
Ba choitianta freisin, tochtanna a dhéanamh as an bhfraoch fadó, agus is féidir samplaí de na tochtanna seo a fheiceáil fós ach cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Shaol na Tuaithe ag Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh. Rud eile sa taispeántas sin a chuir gliondar orm é a fheiceáil, ná sciúrthóir beag do photaí déanta amach as an bhfraoch freisin.
Samhlaigh na ceimiceáin agus an fuinneamh ar fad a úsáidtear anois chun olann chruach agus leithéidí ‘brillo pads’ a chruthú sa lá atá inniu ann, nuair a bhí a macasamhail á ndéanamh ag ár sinsir i bhfad siar, as rud chomh simplí, nádúrtha leis an bhfraoch?
Múineann gá seift, is dócha, agus sna háiteanna nach raibh crainn amhail coll nó sail ag fás go fairsing, thriail daoine chuig an fraoch go minic. I Maigh Eo mar shampla, dhéanadh iascairí potaí gliomaigh as an bhfraoch go fiú. Bhíodh stíl ghalánta ar na potaí seo, agus an fraoch fite fuaite lena chéile chun pota rounáilte a chruthú atá an-éagsúil ón bpota a fheictear go minic inniu. Deirtear liom gur fheil adhmad an fhraoigh go han-mhaith don fheidhm seo, toisc go raibh sé solúbtha agus láidir, ach go raibh é in ann an t-uisce sáile a sheasamh chomh maith.
Ba bheag gorta a bhíodh faoin bhfraoch úd mar sin, agus na potaí lán go barra le gliomaigh!
Tá máistreacht ag Aedín Ní Thiarnaigh i mBéaloideas agus Eitneolaíocht na hÉireann ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.