Tá sé fógartha ag Grúpa na Háige, grúpa de náisiúin ó dheisceart an domhain a cruthaíodh chun seasamh le cinntí na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta agus na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, gur cheart trádbhac airm a chur ar Iosrael agus bac a chur ar longa ag aistriú arm go calaphoirt in Iosrael. Chomh maith leis sin, tá sé fógartha acu gur cheart deireadh a chur le conarthaí a thacaíonn le cuid ar bith d’fhorghabháil Iosrael agus an dlí a chur ar choirpigh Iosraelacha ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Go bunúsach éilíonn na tíortha sa ghrúpa seo gur cheart an dlí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm.
Is iad na tíortha atá bainteach le Grúpa na Háige an Cholóim, an Afraic Theas, an Bholaiv, Cúba, Hondúras, an Mhaláise, an Namaib agus tSeineagáil. Faoi láthair is iad Uachtarán Gustavo Petro na Colóime agus Uachtarán Cyril Ramaphosa na hAfraice Theas a bhfuil cathaoirleacht acu ar an ngrúpa seo agus chuir siad an ráiteas seo amach:
“Tá rogha lom ann: Tagaimis le chéile chun dlí idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú nó beidh an baol ann go dtitfidh an tóin as go huile is go hiomlán. Tá an rogha déanta againn gníomhú ar seo, ní hamháin do mhuintir Gaza ach do thodhchaí an domhain ina bhfeidhmíonn an ceart ar shaoirse ó phíonós. Let this moment mark the beginning of a renewed commitment to internationalism and the principles that bind us as a global community Go ndéantar ag an am seo athnuachan ar an tiomantas don idirnáisiúnachas agus do na prionsabail a cheanglaíonn sinn le chéile mar phobal domhanda”
Cé nach iad seo na tíortha is cumhachtaí, is saibhre nó is mó tionchar, léiríonn siad móramh phobal an domhain, go háirithe an chuid den domhan lasmuigh den Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Fiú san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh, tá an pobal tar éis casadh go láidir i gcoinne Iosrael agus a mbrúidiúlacht ar mhuintir Gaza in ainneoin an tseasaimh a ghlacann scothaicmí na dtíortha sin. Mar sin is iad scothaicmí an Iarthair agus sochaí Iosrael a sheasann leo féin agus an tacaíocht a thugann siad do chinedhíothú mhuintir Gaza.
Ardaíonn an cinedhíothú in Gaza ceisteanna móra faoi éifeacht an dlí idirnáisiúnta agus an cumas lena fhorfheidhmiú. Ba cheart, ar ndóigh, go mbeadh an dualgas seo ar Chomhairle Slándála agus ar an Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus is iad iad seo na bunchúiseanna ar bunaíodh na hinstitiúidí ar an gcéad dul síos ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda.
Ach anois, mar is léir le fada an lá, tá teip iomlán ar an ngné is lárnaí de na Náisiúin Aontaithe agus baineann an chúis leis an mbealach ar cruthaíodh na hinstitiúidí ón gcéad lá ar aghaidh – chun cogaíocht agus cinedhíothú a chosc. Tá ceart crosta ag cúig bhuanbhall na Comhairle Slándála, na Stáit Aontaithe, an Rúis, an tSín, an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe. Úsáideann na Stáit Aontaithe an cros go forleathan aon am a ritheann cinneadh nó beart i gcoinne a leasa, go háirithe aon chinneadh a cháineann Iosrael nó a dhéanann iarracht an tír sin a shrianadh ar aon bhealach. Mar sin níl sé de chumas ag na Náisiúin Aontaithe feidhmiú i gceart mar a leagtar amach ina gcairt bhunaidh.