Cathal Ó Murchú
Le breis is trí bliana tá an cogadh is mó san Eoraip ó thréimhse an Dara Cogadh Domhanda ar siúl ar na steipeanna in oirthear na hEorpa idir an Rúis agus an Úcráin. Meastar go bhfuil idir milliún agus milliún go leith saighdiúir, nó b’fhéidir nios mó, tar éis bás a fháil sa chogadh seo, an formhór acu ó fhórsaí armtha na hÚcráine, cé nach féidir a bheith cinnte faoi fhíorlíon na dtaismeach a fhad is a leanann an cogadh seo ar aghaidh. Tuigtear go gceiltear an fhírinne in am an chogaidh agus go méadaítear na bréaga agus an bholscaireacht araon, gach taobh ag maíomh as na buanna, más ea, agus ag cur ainghníomh danartha i leith na namhad. Tá uirlisí troda agus fearas míleata chomh marfach sin anois go bhfuil fíorbhaol báis nó gortaithe thubaistigh ann do líon ard saighdiúirí ar láithreacha catha na linne seo.
Is é fírinne an scéil ná go bhfuil comhghuaillíocht mhíleata an Iarthair, ECAT, go hiomlán gafa leis an gcogadh seo ag tacú go hiomlán le stát na hÚcráine, le réimeas a chuir siad ar bun tar éis ghabháil cumhachta Maidan sa bhliain 2014. Maíonn na Rúisigh go ndearna faisístigh antoisceacha na hÚcráine agus stáit an Iarthair gach iarracht an cogadh seo a ghríosadh ar mhaithe leis an Rúis a chloí go straitéiseach. Is cuma cén capall atá ag cibé duine sa “rás” seo, tá cogadh na faisnéise le sonrú go soiléir sna meáin agus ní thugtar ach taobh amháin den scéal. I gcás an chogaidh seo san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh, tá scothaicmí, córais chumhachta agus na meáin chumarsáide ag taobhú leis an Úcráin agus ní cheadaítear a mhalairt tuairime ón taobh eile.