Tá an tríú cás cúirte tionscanta ag Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt i gcoinne an Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, agus an uair seo, in aghaidh an Aire Pobal, Gordon Lyons, mar gheall ar an teip Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.
Thug Conradh na Gaeilge dhá chás athbhreithnithe bhreithiúnaigh os comhair na hArd-Chúirte roimhe seoi gcoinne an Fheidhmeannais in 2017 agus 2022. Dearbhaíodh ar an dá ócáid sin gur sháraigh an Feidhmeannas a dhualgas reachtúil Straitéis don Ghaeilge a ghlacadh.
Sa bhreithiúnas a thug an Breitheamh Scoffield, dúirt sé nach raibh moill 12 mhí “réasúnta”, agus go gcaithfidh an Feidhmeannas gníomhú go tapa chun Straitéis na Gaeilge a thabhairt chun cinn agus a ghlacadh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!