Tá ag éirí go hiontach le Campaí Samhraidh Ógras arís i mbliana



Tá 11 champa ar siúil againn ar fud na tíre faoi láthair. Faoi láthair tá campaí ar an Nás, i Léim an Bhradáin, in Achaill, i mBaile Uí Thaidhg agus i Gaillimh thart. Fós ar siúl tá campaí i dTrá Lí agus Dún Dealgan. Agus tá campaí Bhaile an Mhuilinn, Marino, Bhaile an Bhuineánaigh agus an Chaisleáin Nua fós le teacht.
Éiríonn go hiontach leis na campaí gach bliain agus baineann na páistí uilig an-taitneamh astu, mar sin táimid ar bís nach mbeidh díomá ar ár mbaill rialta agus nua atá ag lorg gníomhaíochtaí spraíúla trí Ghaeilge. Bíonn deis ag na páistí an méid Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh spraíúil taitneamhach agus foghlaimíonn siad focail agus abairtí dá bharr.
Déanann na campaí forbairt ar fhéinmhuinín an duine óig in úsáid na teanga agus cothaíonn siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaitheacha, chomh maith le scileanna gaolmhara eile, agus tuiscint ghinearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal trí rannpháirtíocht i dtimpeallacht spraíúil shábháilte.