Botún mór taidhleoireachta ag Kallas maidir leis an tSín

Máirtín Mac Eoin

Tá fearg mhór curtha ar an tSín ag Urlabhraí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas, dar le tuairisc sa South China Morning Post.

Bhí cruinniú ag Kallas le Wang Yi, Aire Gnóthaí Eachtracha na Síne, ag iarraidh socruithe do chruinniú mullaigh idir an tSín agus an tAontas Eorpach a réiteach. Ach thug Kallas faoi ionsaí ar an tSín mar gheall ar thacaíocht na tíre sin don Rúis i gCogadh na hÚcráine.

Chuir sí Beijing freisin san áireamh mar cheann de na stáit “mhailíseacha” a chuireann le hionsaithe éagsúla ar an AE. “Tá stáit ar nós na Rúise, na hIaráine, na Cóiré Thuaidh, agus, ar bhealach, na Síne, ag iarraidh uirlis chogaidh a dhéanamh as oscailteacht an AE,” a dúirt Kallas.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.