An stró ag laghdú maidir le ceist na hinimirce

Eoin Ó Murchú

Tugann na figiúirí is deireanaí le fios go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg cosaint tearmainn anseo, agus, mar thoradh air sin, go bhfuil an stró a bhaineann le ceist na hinimirce ag laghdú go mór.

Tá sé ráite ag an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan  go bhfuil laghdú 43 faoin gcéad tagtha ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sna céad sé mhí de 2025 i gcomparáid leis na céad sé mhí de 2024.

Anuraidh tuairiscíodh gur ardaíodh líon na ndaoine a tháinig go hÉirinn ag lorg tearmainn go mór ó dheireadh na paindéime ar aghaidh agus go raibh sé ag leanúint ar aghaidh ag fás.

Ní raibh an stát in ann coinneáil suas leis sin. Bhí sé ag éiri níos deacra gach lá áiteanna a aimsiú le lucht iarrtha dídine a lonnú iontu.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.