
An tráth seo den bhliain bíonn na fálta sceach agus na bóithríní ag cur tharstu le dathanna agus le boladh cumhra na mbláthanna fiáine. Tá an-mhórán béaloidis ag baint leis na bláthanna céanna
Ceann de na bláthanna is fearr liomsa, agus atá le feiceáil go fairsing faoi láthair ar thalamh fliuch agus sna fálta sceach, is é an t-airgead luachra (filipendula ulmaria). Síolraíonn an t-ainm seo ón dath geal a bhíonn ar íochtar na nduilleog. Cosúil le go leor plandaí coitianta eile in Éirinn, tá an-chuid seanchais ag baint léi.
Is ar leigheas atá ar fáil ó na bláthanna seo is mó a ndéantar trácht air nuair atá seanchas an phlanda á phlé. D’úsáidtí é go fairsing fadó mar phianmhúchán agus mar leigheas ar fhadhbanna craicinn cosúil le aicne. Tá rian na fírinne le haimsiú sna seanscéalta seo, agus tá a fhios againn anois go bhfuil aigéad salaicileach le haimsiú san airgead luachra. Tá an t-aigéad seo ar cheann de phríomh-chomhábhair aspairín agus sin é is cúis leis na buntáistí leighis a bhaineann leis an bplanda.
Tugtar crios Chú Chulainn ar an airgead luachra go minic freisin mar tá ceangal speisialta ag an bplanda seo le laoch mór Uladh. De réir an tseanchais, bhualadh taomanna feirge Cú Chulainn agus é corraithe, rud a bhí úsáideach dó agus é ar an láthair chatha nuair a bhíodh naimhde os a chomhair, ach rud a chruthaigh deacrachtaí dó sa ghnáthshaol, dá mbuailfeadh taom é gan choinne agus é i measc a dhaoine muinteartha.

Deirtear go mbíodh sé de nós aige beagán den airgead luachra a choimeád ar a chrios aige chuige seo, toisc go raibh cáil ar bholadh cumhra an bhlátha chun daoine a chur chun suain. Ansin, dá dtiocfadh taom feirge aniar aduaidh air, ní bheadh le déanamh aige ach boladh a fháil ó na bláthanna agus bhéarfadh sé ar a chiall arís é.
Airgead Lóchrainn a thugtar ar filipendula ulmaria in Inis Meáin agus fiú má cogar mogar ba chúis leis an aistriú seo ón ngnáthainm, caithfidh mé a rá go dtaitníonn sé go mór liom mar sin féin. Is dócha gurbh é an méid a tharla ná nár chuala daoine an focal ‘luachra’ i gceart agus gur shíl siad gur ‘lóchrann’ a bhí ann, i ngeall ar dhath geal na mbláthanna a chuirfeadh tóirse i gcuimhne do dhuine.
Is milis ar fad an béaloideas a bhaineann leis an airgead luachra, ach is milse fós b’fhéidir, cuid de na húsáidí traidisiúnta eile a bhaineann leis. D’úsáidtí na bláthanna chun blas almóinne a chur le meá (seandeoch mheisciúil a dhéantaí le mil) agus tá daoine ina gcéadta ag déanamh coirdial blasta as na bláthanna seo in Éirinn fós sa lá atá inniu ann, mé féin ina measc! Níl le déanamh ach thart ar 30 ceann blátha a bhailiú, an gas a bhaint díobh agus iad a chur i bpota mór le siúcra (300g) agus le sú agus craiceann dhá líomóide. Tar éis an meascán a chur ar fiuchadh, níl le déanamh ach ligean dó fuarú, é a scagadh agus a chur le roinnt uisce súilíneach i ngloine.
Sin agat béaloideas blasta!