Suíomh gréasáin nua Hidden Heritages seolta ag Gaois

Cuir eolas ar an oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha atá i bpáirt ag Éirinn agus Albain. Bailíonn an tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe os cionn 5,500 seanscéal le chéile ó fhoinsí idir lámhscríofa agus chlóite. Tras-scríobhadh cuid mhór den ábhar seo trí úsáid a bhaint as ardteicnící intleachta saorg (IS) chun téacs a aithint agus is féidir na scéalta a chuardach don chéad uair riamh.

Tá go leor de na scéalta seo rangaithe de réir tíopaí seanscéalta Aarne–Thompson (AT) rud a fhágann gur féidir breathnú orthu go téamúil.

Tá an suíomh seo i measc na n-aschur ó thionscadal trí bliana arna mhaoiniú ag an AHRC agus ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn a reáchtáladh le gairid chun comhstair chultúrtha Alban agus Éireann a scrúdú trí mheán na scéalaíochta traidisiúnta Gaelaí, i.e. seanscéalta. Is faoi stiúir an Ollaimh William Lamb in Ollscoil Dhún Éideann agus an Dr Brian Ó Raghallaigh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhí an tionscadal.

Comhbhailíonn an suíomh seo ábhar ón ‘Tale Archive’ sa ‘School of Scottish Studies Archives’ agus as Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní & Bailiúchán na Scol Chnuasach Béaloideas Éireann, chomh maith le foinsí eile. Is taisce í de scéalta i nGàidhlig, Gaeilge agus Béarla. Foilseofar tuilleadh torthaí ón tionscadal i leabhar in eagar atá le foilsiú ag Edinburgh University Press i 2026.

Níos mó eolas ar líne: https://www.hiddenheritages.ai/ga.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.