
82 a bhí páirteach i Scoil Samhraidh Ghaeltacht UCD 2025 ó na tíortha seo a leanas: Éire, Sasana, an Bhreatain Bheag, an Bheilg, an Iodáil, an Ísiltír, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Nua-Shéalainn agus an Astráil. Bhí cuid de na rannpháirtithe sin ag freastal den seachtú nó den ochtú bliain as a chéile, cuid eile, ar nós mhic léinn Princeton University, a bhí ag tabhairt faoi scoil samhraidh den chéad uair. Ghlac na rannpháirtithe páirt i ranganna teanga leibhéal A1 go B2 gach maidin, d’fhreastail siad ar léachtaí san iarnóin agus ar imeachtaí cultúrtha sa tráthnóna. Guímid gach rath ar na foghlaimeoirí uilig, go n-éirí go geal leo ar a dturas teanga go dtí go gcasfar ar a chéile arís sin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.