
Bhailigh na mílte le chéile i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite lena míshástacht a chur in iúl i dtaobh phlean an rialtais deireadh a chur leis an nglas triarach, an polasaí a chuireann iachall ar an rialtas sainordú na Náisiún Aontaithe a fháil sula nglacfaidhn an stát aon pháirt in imeachtaí míleata thar lear.
Tá an stát ó dheas bródúil as stair na hÉireann i gcoimeád na síochána go hidirnáisiúnta, ach tá an rialtas ag maíomh anois go dtugann an glas triarach focal crosta don Rúis chomh maith leis an tSín, an Bhreatain, an Fhrainc agus na Stáit Aontaithe, ar rannpháirtíocht an stáit ina leithéid.
Ach ní féidir leis an rialtas aon mhíniú a thabhairt ar na himeachtaí nach féidir linn páirt a ghlacadh iontu faoi láthair, nó céard le haghaidh is cóir bac an ghlais thriaraigh a chur ar ceal.