Tá an leabhar Maith Thú a Ollaimh, ar aghaidh chun Bua nó Bás scríofa ag Dónall Mór Mac Billings cineál d’fhinscéal bunaithe ar a dhírbheatháiséís.
Is é an tOllamh an príomhcharactar sa scéal, atá ina phoblachtach críochnaithe le fada an lá, agus tugtar cur síos ar a shaol ó 1950 go dtí 2025 agus go háirithe sna sé chontae i dtuaisceart na hÉireann, áit ar ghníomhaigh sé mar phoblachtach sa réabhlóid atá ar siúl go fóill le deireadh a chur le forlámhachas na Breataine agus bata is bóthar a thabhairt dóibh amach as ár dtír dhúchas.
Leagadh amach an leabhar i gcethre thréimhe ó rugadh an tOllamh go dtí an lá atá inniu ann. Cuirtear os comhair shúile an léitheora an grá, an ghráin, an fheasacht phoilitiúil, an streachailt phearsanta, an fás intinne, an amaidí agus neart eile nach iad a bhaineann lena leithéid de dhuine mar atá san Ollamh.
Déantar cur síos fosta ar eachtraí agus socruithe polaitiúla taobh le hathruithe míleata i dtír na hÉireann de réír fhís an Ollaimh.
Tá an leabhar ar fáil anois ar Amazon.