In ainneoin na faillí, tá leibhéal ard oideachais againn i gcónaí

Eoin Ó Murchú

Cé go bhfuil an-bhuairt ann faoin easpa múinteoirí abhus in Éirinn agus na deacrachtaí a bhaineann le daoine oilte a mhealladh chun na gairme, tháinig dhá thuarascáil idirnáisiúnta amach i rith na míosa a léiríonn go bhfuil an tír seo ar na tíortha is fearr ó thaobh oideachais de.

Dar le Visual Capitalist, tá céim ollscoile nó níos airde ag 52.4% den daonra anseo idir 25 agus 64, i gcomparáid le 40.3% sna Stáit Aontaithe, agus 43.6% sa Ríocht Aontaithe.

Go deimhin tá Éire ar bharr an liosta ar fad, an tír is oilte ar domhan dar leis an suirbhé seo, agus sinn chun tosaigh ar an Eilbhéis agus ar Shingeapór.

Agus dar le suirbhé eile ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), tá mic léinn in Éirinn ó na haicmí is boichte sa tír ag déanamh níos fearr freisin ná a macasamhail i dtíortha eile.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.