
Tá Féile na Gealaí faoi lánseol anois. Is féile cheoil agus ealaíne í a cheiliúrann an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge. Bíonn an fhéile champála seo ar siúl i Ráth Chairn i gcroílár Ghaeltacht Laighean ar feadh deireadh seachtaine i Mí an Meitheamh gach bliain.
Seo an deichiú féile i mbliana. Tá an fhéile tar éis fás agus forbairt go mór ó bhí Féile na Gealaí ann den chéad uair i Ráth Chairn in 2016. Ba é aidhm a lucht eagraithe féile champála lán-Gaeilge a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge chun ceol, cultúr agus ealaíona na Gaeilge a chur chun cinn ar bhealach nua.
Beidh Le Boom, Burnchurch, Piaras Ó Lorcáin, Súil Amháin agus Nell Ní Chróinín i measc na gceoltóirí a bheidh ag seinm ag an bhféile. Tá raon leathan oirfidigh cheoil ann. Tugann an fhéile seo ardán do cheoltóirí úra, comhaimseartha na Gaeilge agus Ghaeilge na hAlban.
Is féile iontach í do gach duine. Beidh go leor imeachtaí éagsúla ann lena n-áirítear aclaíocht, dioscó, agus seó grinn le Gaelgháirí. Ina theannta sin, beidh Oireachtas na Gealaí ar siúl le buaiteoirí Oireachtas na Gaeilge.
Beidh go leor imeachtaí teaghlaigh ag an bhféile chomh maith. I mbliana, beidh seó beo le Cleamairí Feirste, ceardlann le Coimicí Gael, ceardlann damhsa agus go leor gníomhaíochtaí eile don teaghlach ar fad.
Ar an drochuair, fuair lucht eagraithe Fhéile na Gealaí drochscéala maidir le maoiniú níos luaithe i mbliana. D’ísligh an maoiniú agus an urraíocht a bhí geallta acu 60% i gcomparáid le féile na bliana seo caite. I Márta 2024 gealladh €48,000 de mhaoiniú. I mbliana, i Márta 2025, níl ach €19,000 de mhaoiniú geallta.
Is mór an trua seo a fheiceáil agus an tsuim sa teanga agus an t-éileamh ar ócáidí Gaeilge ag méadú. Is iad na grúpaí seo cnámh droma phobal labhartha na Gaeilge. Chuir na ciorruithe seo bac ar a bpleananna agus físeanna don todhchaí. Dúirt an coiste eagraithe go bhfuil siad ag cailleadh deiseanna daoine úra a fháiltiú chuig pobal na Gaeilge atá chuig an bhféile seo.
Tá go leor urraitheoirí ag tabhairt tacaíocht don fhéile. I measc na n-eagraíochtaí atá luaite mar urraitheoirí tá Foras na Gaeilge, Colmcille, Údarás na Gaeltachta, TG4, Gael Linn, Conradh na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Rí Rá, NÓS, Ciste Spreagtha, Comharchumann Ráth Chairn Coiste Pleanála Teanga Gaeltacht na Mí, an Chomhairle Ealaíon, Bloc, agus Ealaín na Gaeltachta. Chabhraigh siad le costais na dticéad a choinneáil inacmhainne. Bhí eagla ar an gcoiste eagraithe go gcosnódh na ticéid €1,000 mar gheall ar na ciorruithe.
Tá nasc láidir feicthe idir an fhéile seo agus Albain. Bhí sé mar aidhm ag an lucht eagraithe nasc a chruthú le cainteoirí Ghaeilge na hAlban. Feictear an caidreamh deas idir lucht labhartha Ghaeilge na hAlban agus lucht labhartha Ghaeilge na hÉireann ag an bhféile seo. Tá go leor ticéad ar fáil saor in aisce do mhuintir na hAlban a bhuí le deontas ó Cholmcille.
Tá go leor gradam buaite ag an bhféile. Bhuaigh sí Gradam Fhéile na Bliana cúpla uair. An iris chultúir Nós a bhronnann an gradam seo bunaithe ar vóta poiblí.
Is bealach iontach an fhéile seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach spraíúil do dhaoine de gach aois. Is léir go bhfuil spéis mhór ag daoine sa Ghaeilge mar tá na pasanna deireadh seachtaine díolta amach. Is í an t-aon fhéile champála lán-Ghaeilge in Éirinn í.