Scéim eile ag an rialtas le déileáil le fadhb na tithíochta, agus scéim eile ar léir ón tús nach n-éireoidh léi. Nach bhfuil sé amaideach ligean d’infheisteoirí cíosa a ardú ar mhaithe, mar dhea, le cíosa a laghdú san fhadtéarma.

Deir an Taoiseach Micheál Martin go gcabhróidh an beart chun sprioc an rialtais a bhaint amach go dtógfar 50,000 tithe in aghaidh na bliana feasta. Tá an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ag rá go mbeidh an t-ádh orainn 34,000 aonad a fháil. Ach, a deir siad, cruthófar ardán le tuilleadh aonad cónaithe a thogáil leis an mbeart.

Míníonn sé go bhfuil an beart riachtanach chun infheisteoirí a mhealladh le hárasáin a thógáil mar, deir sé, is é an soláthar is cúis le fadhb na easpa tithíochta agus na gcíos arda a bhaineann leis sin.

Sé sin le rá, cé nach léir go dtuigeann an Taoiseach é, ní thiocfaidh infheisteoirí isteach sa ‘mhargadh’ murar féidir leis an stát tuilleadh brabúis a ghealladh dóibh.

Más fadhb í seo tá réiteach simplí air: murar féidir leis an earnáil phríobháideach réiteach sásúil a chruthú do ghéarchéim na tithíochta, ní mór don stát é a dhéanamh.

Sin é an chaoi, ar ndóigh, ar réitigh rialtais roimhe seo géarchéimeanna tithíochta, sna daichidí, sna seascaidí agus tréimhsi eile, faoi cheannas Fhianna Fáil go híorónta.

Ach tá Martin meáite ar mhargadh (agus ábhar brabúis) a dhéanamh de riachtanas tithíochta.

Ní tráchtearra í áit chónaithe, ámh.  Is riachtanas don uile dhuine í, is riachtanas nach í féidir linn a fhágáil i lámha infheisteoirí.

Cháin Martin Mary Lou McDonald sa Dáil, ag rá nach bhfaca sise aon áit don mhargadh sa scéal. Más fior do, tá an ceart aici.

Agus mar a deir Ivana Bacik ó Pháirtí an Lucht Oibre, cén mhaith criosanna brú cíosa a bheith ag leathnú ar fud an stáit mura bhfuil cosaint fhírinneach do thionóntaí ar fáil ann.

Eoin Ó Murchú

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.