Tháinig borradh suntasach faoi na deiseanna fáis atá ann do thionscal na beochana in Éirinn agus don chomhléiriú idirnáisiúnta, gan trácht ar fheiceálacht na Gaeilge ar an scáileán, nuair a cuireadh tús le Malartú Beochana Dúchasach Wellington-Gaillimh 2025. Tá caidreamh cothaithe ag Malartú – ina bhfuil Cathracha Scannán UNESCO na Gaillimhe agus Wellington ag obair i bpáier le chéile – idir beochanóirí na Gaeilge agus beochanóirí Te Reo Māori, chomh maith le go bhfuil príomhpháirtithe leasmhara i dtionscal na scannán anseo agus sa Nua-Shéalainn tugtha le chéile aige agus an bealach réitithe sa chaoi is go mbeidh deiseanna comhléiriúcháin agus malartuithe cultúrtha idir an dá thír amach anseo.
Tá an Malartú Beochana Dúchasach dírithe go mór ar chumas na mbeochanóirí atá ag teacht chun cinn a fhorbairt. Tugadh cónaitheachtaí i dtíortha a chéile don chéad bheirt ar éirigh leo, an cainteoir Gaeilge Siobhán Ní Thuarisg, as Co. na Gaillimhe, agus an cainteoir Te Reo Māori, Seth Parata Stewart, as Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne, chun go bhfaighdís cleachtadh ar a bheith ag cruthú ábhar beochana le haghaidh teanga dhúchais eile.
Agus tacaíocht aige ó Ardán, TG4, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe in Éirinn agus Screen Wellington, Māoriland, agus Coimisiún Scannán na Nua-Shéalainne sa Nua-Shéalainn, tá an Malartú mar chuid d’fhorbairt níos leithne sa tionscal closamharc ina bhfuil cumhacht á thabhairt do phobail na dteangacha dúchasacha agus iad ag insint a gcuid scéalta ina dteangacha féin, agus tacaíocht á thabhairt le go sroichfidh na scéalta sin an oiread den lucht féachana agus is féidir.