Cruinniú comhairliúcháin phoiblí as Gaeilge sna Forbacha
Reáchtálfaidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail cruinniú comhairliúcháin phoiblí as Gaeilge, i gcomhair le hÚdarás na Gaeltachta in Óstán Chósta Chonamara sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, Déardaoin an 26 Meitheamh ó 10 am go 1:30 pm chun bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile de bheartas forbartha tuaithe na hÉireann don tréimhse 2026-2030.
Tiocfaidh an beartas seo in áit Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann 2021-2025 ina raibh dul chun cinn iontach i dtreo na físe ceantar tuaithe faoi bhláth a bhaint amach in Éirinn.
Reáchtálfar an ócáid seo trí mheán na Gaeilge amháin.
Tábhacht na gCeantar Gaeltachta
Tá meascán uathúil de shaibhreas cultúir ann atá fréamhaithe sa Ghaeilge agus féiniúlacht a bhfuil ardmheas uirthi ar fáil i saol na Gaeltachta. Tá tréithe faoi leith agus deiseanna éagsúla ag ceantair Ghaeltachta i réimsí ar nós turasóireacht inbhuanaithe, cianobair, fiontraíocht áitiúil agus foghlaim teanga.
Mar sin féin, bíonn dúshláin ann i gcónaí. Tá dúshláin ag baint le hiargúltacht go leor ceantair Ghaeltachta d’iompar poiblí, bonneagar, agus deiseanna eacnamaíocha. Fágann daoine óga na ceantair go minic agus iad sa tóir ar dheiseanna oideachais agus fostaíochta.
Príomhábhair phlé
Ag an imeacht seo beifear in ann na deiseanna agus na dúshláin atá roimh cheantair thuaithe na hÉireann, agus a gceantair Ghaeltachta, don tréimhse suas go dtí 2030 a phlé, lena n-áirítear:
- Na príomhdheiseanna agus na príomhdhúshláin atá roimh cheantair Ghaeltachta agus conas is féidir le tionscnaimh forbartha tuaithe an tacaíocht is fearr a thabhairt.
- Na cineálacha deiseanna fostaíochta nó fiontraíochta is inmharthana agus is tairbhí i gceantair Ghaeltachta.
- Cén chaoi ar féidir na seirbhísí poiblí atá ar fáil trí Ghaeilge a fheabhsú.
- Cén chaoi ar féidir bonneagar a fheabhsú: tithíocht, iompar, bonneagar digiteach agus bonneagar glas.
- Na tacaíochtaí a dhéanfadh níos éasca é páistí a thógáil le Gaeilge.
“Tá an plean forbartha tuaithe an Rialtais, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, tar éis dul go mór chun tairbhe don Ghaeltacht, i dtaobh maoiniú i leith tograí turasóireachta, infreastruchtúr siúlóide, tograí forbartha pobail agus go leor eile,” a deir Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail agus Pleanála Teanga an Údaráis, Rónán Mac Con Iomaire. “Agus muid ag breathnú chun cinn ar phlean nua a fhorbairt, tá sé rí-thábhachtach go bhfaighfeadh muid tuairimíocht phobal na Gaeltachta i dtaobh a gcuid riachtanais forbartha, le gur féidir an Ghaeltacht a neartú tuilleadh sna blianta atá amach romhainn.”
Is ócáid ar an láthair amháin í seo. Tá líon na rannpháirtithe teoranta, agus ní mór clárú roimh ré tríd an nasc Eventbrite thíos:
Tá an t-ionad go hiomlán inrochtana do dhaoine a bhfuil deacrachtaí soghluaiseachta acu. Má tá riachtanais inrochtana eile agat, cuir in iúl iad ar a laghad seachtain roimh an ócáid ag: rural.consultation@drcd.gov.ie
Beidh lón éadrom ar fáil ar an lá.