Trasna

1.  Fáidheadóireacht (12) 
7. Rud nó duine a mbaintear úsáid as chun an t-ádh a tharraingt ort (5)
9. Préachán, cuir i gcás (3)
10. Dara, leagan malartach (5)
11. Toirtiúil (3)
12. Smut gránna (6)
13. Ainmhí nach bhfuil eireaball air (6)
15. An chathair is mó in Albain (7)
17. Plean nó scéim (3)
18. Lámh nó dorn (4)
20. Páirc (6)
22. Sruth beag (5)
24. Corr (3)
27. Jerry _ _ _ _: mainicín, aisteoir, céile Jagger, bean chéile Murdoch (4)
28. Ainnis nó míchompordach (9)
29. Buachaillí atá fásta suas (3)
31. Mharaigh sé a dheartháir Réamas (litriú Laidine) (7)
33. Chomh maith leis sin (4)
34. Sainiúil (9)
36. Príomhdhraoí Chonchobhair mhic Neasa (9)
37. Aisteach (6)
38. Faigheann tú é i ngach seoladh ríomhphoist (4)
39. Taistil (3)
40. Má tá an t-iarann smúdála róthe is féidir go ndéanfar _ _ _ _ _ _ _ _ ar na héadaí (8)

Síos

1.  Racht gearr aeir as do bhéal (6) 
2. Toradh (9)
3. Duine atá ag dul isteach in ord reiligiúnach (9)
4. Snigh amach (5)
5. Ar an toirt: i g_ _ _ _ _ _ _ _ na súl (8)
6. Suaimhneach (6)
7. Buile éadrom (6)
8. Gás (O3) atá ann go nádúrtha san atmaisféar (4)
11. Duine nach bhfuil an t-ádh leis, bíonn sé mar seo (10)
14. Oscailt blátha nó craoibhe nua ar chrann (6)
16. Cogar mogar (8)
19. Bíonn na galair níos contúirtí mar seo go minic (9)
21. Bíonn bó ag cogaint na _ _ _ _ (4)
23. Dúil chíocrach (6)
25. An cumas cur suas le rud nach bhfuil tú sásta leis (7)
26. Sa láthair (3)
29. Raic (7)
30. Ionsaí tobann (7)
31. Seanduine feoite (6)
32. Seanathair (6)
34. Bíonn an lútálaí ag _ _ _ _ _ i ndiaidh na n-uasal (5)
35. Scríobhtar ar chlár dubh léi (5)

Freagraí ar Crosfhocal #32

TRASNA: 1. Nuathofa 7. Tairiscint 10. Badhbaire 12. Fód 13. El Dorado 14. Leaca 15. Ian 16. Gall 17. Níl 18. Taifead 20. Stór 21. Ceant 22. Lónadóir 24. Inimirce 26. Sásar 28. Séan 29. Snodaigh 32. Bómánta 33. Sluaite 35. Cór 36. Oilteacht 37. iteoirí 38. Eadra
SÍOS: 2. Umbó 3. Fuafar 4. Gael 5. Traonach 6. Oscailte 7. Treaghdán 8. Inoibrithe 9. Tóin thar ceann 11. Adhaltranas 12. Féineachas 14. Limistéar 19. Ealaíona 23. Drifisc 25. Indóite 27. Agáit 29. Stua 30. Glóir 31. Hurta 32. Bíog 34. Eire
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.