
- An 16 go dtí an 21 Meitheamh: Féile Bhróid ha hUaimhe, Co. na Mí
- An 20 go dtí an 28 Meitheamh: Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath
- An 21 Meitheamh:
- Féile Bhróid Bhá Dhún na nGall
- Féile Bhróid Chill Dara
- Féile Bhróid na hEochaille, Bród Cois Farraige
- An 28 Meitheamh: Féile Bhróid Lár agus Oirthear Aontroma
- An 29 Meitheamh go dtí an 5 Iúil: Féile Bhróid Chill Mhantáin
- An 3 go dtí an 6 Iúil: Bród na Gaeltachta ar an Fhál Charrach
- An 26 Iúil go dtí an 3 Lúnasa: Bród Chorcaí
- An 10 go dtí an 16 Lúnasa: Bród na Gaillimhe.
Níl anseo ach blaiseadh de na féilte bróid atá ar siúl fud na hÉireann i rith an tsamhraidh agus an fhómhair.
Is léiriú é an lear mór féilte bróid timpeall na tíre cé chomh fada chun cinn is atá Éire tagtha mar thír do dhaoine LADTA+. Bíonn féilte bróid ag ceiliúradh an phobail LADTA+ anois ar siúl i gcathracha, bailte agus sráidbhailte a thréig daoine aiteacha ar feadh blianta fada, agus iad ar lorg saol níos fearr, níos oscailte, níos sábháilte. Eisimircigh shóisialta, aiteacha a bhí iontu, a d’imigh go Londain, Nua Eabhrac agus níos faide i gcéin mar níorbh fhéidir leo a saol a mhaireachtáil go hoscailte in Éirinn. Is léiriú iad na féilte seo go bhfuil athruithe tar éis teacht ar na háiteanna seo fud na tíre agus go mb’fhéidir gur féidir le daoine aiteacha a saol a mhaireachtáil go sona sna háiteanna seo anois.
Ní hé nach mbíonn dúshláin, deacrachtaí, ionsaithe ná cos ar bholg i gceist do dhaoine aiteacha ar fud na tíre fós. Ní hé nach mbíonn daoine aiteacha fós ag tréigean a mbailte. Tá dóchas éigin ann áfach. Smaoinímis mar shampla faoin bhfear óg sna 1980í, a raibh go leor dá leithéid ann, a d’fhág sráidbhaile in Éirinn daichead bliain ó shin, agus a fuair bás agus SEIF air in Oispidéal Mildmay Mission i Londain, ina aonar gan aon bhall teaghlaigh leis ag deireadh a shaoil. Dá mbeadh a fhios ag an bhfear óg sin go mbeadh beirt fhear óg ag siúl lámh ar lámh le chéile sa sráidbhaile céanna daichead bliain dar gcionn, agus bratach Bhróid os a gcionn, cad a cheapfadh sé? Is gá, do na daoine sin, ár sinsir LADTA+, rud éigin den dóchas, den bhród, den mheas agus den bhuíochas a léiriú as na céimeanna ollmhóra chun cinn atá déanta ag Éirinn.
Ní chiallaíonn sé sin nach féidir leanúint ar aghaidh ar lorg ceart agus comhionannais níos fearr do dhaoine LADTA+ na tíre. Tá cearta daoine trasinscneacha go mór i mbaol ar fud na cruinne. Caithfear na cearta úd a chosaint níos mó ná riamh in Éirinn, agus cúram sláinte níos fearr a iarraidh dóibh. Tá ionsaithe fós á ndéanamh ar dhaoine LADTA+ ar shráideanna fud na hÉireann agus ar líne. Níl comhionannas ag mórlach páistí daoine LADTA+ na tíre go fóill – ní bhíonn ach tuismitheoir amháin dá gcuidse ar a dteastas breithe toisc easpa ceart do chlanna LADTA+. Tá iliomad deacrachtaí roimh inimircigh LADTA+. D’fhéadfainn dul ar aghaidh. Tá go leor oibre fós le déanamh.
Chomh maith leo sin, tá dúshláin roimh na féilte bróid áitiúla timpeall na tíre. Mar a scríobh lucht eagraithe Bhród Mhaigh Eo i mí na Bealtaine in The Journal, “Ba iad imeachtaí LADTA+ na cinn ba dheireanaí a cruthaíodh, agus is sinne na chéad chinn a imeoidh”. Phléigh siad an baol a bhaineann le bréageolas agus tionchair ó áiteanna i gcéin. Bhí agóid i gcoinne Bhród Mhaigh Eo i gCathair na Mart Dé Domhnaigh na féile i mbliana. Caithfimid mar phobal seasamh i gcoinne an bhréageolais, an idirdhealaithe agus na gráine. Luaigh lucht Mhaigh Eo an tábhacht a bhaineann le féilte bróid iarghúlta, “Is áiteanna iad ócáidí bróid faoin tuath mar a dtosaíonn na scéalta sin teagmhála agus pobail … cosúil leis an duine óg a mhothaigh inspioráid den chéad uair teacht amach dá teaghlach, an bhean thrasinscneach a dúirt go mothaíonn sí anois go gur dual di a bheith i Maigh Eo, agus an fear aerach atá compórdach sa deireadh teacht chun an bhaile.”
Tá Bród na Gaeltachta ar an bhfód anois le ceithre bliana anuas. Sa bhliain 2022 ba é an chéad fhéile dá leithéid in aon cheantar Gaeltachta tuaithe sa tír agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin, le Gaeil ag teacht ó áiteanna fud cheantair Gaeltachta Dhún na nGall, ceantair Ghaeltachta eile agus áiteanna eile. Tugann an fhéile seo ní fíorspeisialta don tír agus don phobal aiteach, spás i gceantar iarghúlta Gaeltachta le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlachtaí LADTA+ trí Ghaeilge.
Ní bhíonn sé éasca féilte bróid a reáchtáil i sráidbhailte, i mbailte nó fiú sna cathracha. Beidh tacaíocht de dhíth ó na féilte seo amach anseo agus ón bpobal LADTA+ araon, is é sin tacaíocht ó chomhghuallaithe heitrighnéasacha agus cisinscneacha, le dul i gleic le scaipeadh an bhréageolais agus na fuathchainte, agus leis an eite dheas i bhfad amach. Siúlaigí linn ar na mórshiúlta Bróid, bígí páirteach le bhur gclanna, tacaigí linn más féidir, ní dúinne amháin ach don chineál sochaí ba mhaith libh do na glúine le teacht.
Tá luach nach beag leis na féilte timpeall na tíre, do na daoine níos sine ar féidir leo filleadh ar a mbaile féin den chéad uair le fada, do na daoine óga aiteacha ag fás aníos, ag teacht ar thuiscint díobh féin, ag breathnú orainn agus ar an mbealach a chaithimid lena chéile, agus do na daoine de gach aois ar féidir leo a bhféiunúlachtaí a cheiliúradh ina mbaile fein go sábháilte, gan eagla den chéad uair riamh. Cosnaímis iad uile i gcoinne an fhuatha. Bímis bródúil.