Tar éis comhdháil bhliantúil de chuid ECAT sa Háig san Ísiltír, fógraíodh go bhfuil sé mar sprioc ag an gcuid is mó de bhallstáit na heagraíochta míleata seo a gcaiteachais náisiúnta ar chúrsaí míleata a ardú go 5%. Bhí Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag éileamh go láidir ar feadh i bhfad ar na ballstáit Eorpacha a gcaiteachas a ardú go dtí an leibhéal seo, ag maíomh nach raibh ualach cothrom an chaiteachais mhíleata á iompar acu. Roimhe seo bhí formhór na mballstát ag caitheamh timpeall 2% dá gcaiteachas náisiúnta ar chúrsaí míleata, ach faoi dheireadh ghéill na hEorpaigh don éileamh seo, seachas an Spáinn agus corrthír eile.
D’fhógair Ard-Rúnaí reatha ECAT, Mark Rutte, iar-phríomhaire na hÍsiltíre, an cinneadh seo mar bhua, go mbeidh borradh mór sa tionsclaíocht chosanta, tionsclaíocht na cogaíochta, i ndáiríre. Thréaslaigh go lústrach le Trump as an sos comhraic a réitigh sé idir Iosrael agus an Iaráin, ag gairm “Daddy” air, i dteachtaireacht téacs, teachtaireacht a scaoil Trump amach go poiblí!